Rinne an Tánaiste, Micheál Martin comhghairdeas lena chomhfhear Chorcaí, Cillian Murphy, as a mbua iontach ag na Oscars in LA aréir.
Bhí an Tánaiste i Luimneach chun Dee Ryan a fhógairt mar iarrthóir méara Fhianna Fáil, agus labhair sé ar chlárchosán Ché Harvey. Bhí an TD Willie O'Dea in éineacht leo.
Maidir leis an aisteoir, dúirt sé: "An méid a bhí a dúirt sé maidir leis na daoine atá ag lorg síochánta ar fud an domhain. Tuiscint an-mhaith ar sin."
Chomh maith leis sin, luaigh sé go raibh sé sásta dá chlann: "Tá seanaithne agam ar a athair, Brendán, bhí sé ina chigire sa Roinn Oideachais nuair a bhíos mar Aire.
"Fear mór na Gaeilge é athair Chillian, agus táim an-sásta agus is lá mór é do chlann Uí Mhurchú i gCorcaigh."
Nuair a cuireadh ceist air faoin gcúpla focal a d’úsáid Cillian le linn a óráid aréir, dúirt an Tánaiste: "Níl aon amhras go bhfuil an Ghaeilge aige."
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.