Beidh Tithe Cois Uisce ag tosú Dé Céadaoin an 17ú lá de mhí Eanáir ag 8.30pm. Is sraith 8 gclár é a leanann ar aghaidh ón tsraith cháiliúil 'Tithe Cois Farraige.'
Tá muintir na hÉireann ag tógáil tithe ar an uisce leis na mílte bliain - ó thithe a thógáil ar aillte drámatúla timpeall an chósta, ar locha binne i lár na tíre agus ar bruacha na n-aibhneacha aoibhne thart timpeall orthu.
Gach seachtain, tabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh a haghaidh ar cheantar difriúil chun casadh le daoine a bhfuil a dtithe tógtha cois uisce acu. Beidh téama difriúil i ngach clár agus taispeánfar meascán breá de thithe idir bheag agus mhór, sean agus úr agus coitianta agus neamhchoitianta.
Sa chéad chlár casfaidh Síle Nic Chonaonaigh leis an ealaíontóir Donnacha Quilty sna Forbacha i nGaillimh, le Tracey Jeffery ó Tracey's Farmhouse Kitchen i mBaile Nua na hArda, Contae an Dún agus leis an suathaire Veronica Lydon i Leitir Ard, Contae na Gaillimhe. Baineann an triúr seo ábhar inspioráide as an uisce atá timpeall orthu le cur lena gceird.
I gclár a dó is 'spás' an téama a bheidh i gceist. Tá na 'tithe' seo neamhghnách ach suimiúil. Casfaidh Síle Nic Chonaonaigh le Kealan Murphy, surfálaí atá ina chónaí ina veain champála. Casfaidh sí freisin le PJ Norris a bhfuil báirse aige ar an abhainn agus le 'Big Man Tiny Home' JP Simpson agus Katie ina dteach modúlach.
Sa triú clár casfaidh Síle le dearthóirí dhá thionscnamh áille. Labhróidh sí ar dtús leis an ailtire áitiúil Tarla Mac Gabhann i 'Breac House' atá suite i gCorrán Binne álainn. Tabharfaidh sí a haghaidh ansin go Loch Cuan chuig an ailtire Melanie agus a fear céile, an t-innealtóir Martin Hamill, in 'Quarry Hill Church,' tionscnamh athchóirithe a thóg cúpla bliain air é chríochnú ina bhaile dhúchais.
Casfaidh Síle le beirt a shocraigh dul ag tógáil in áiteanna atá faoi cheilt sa cheathrú clár. Is é an t-innealtóir sibhialta Antóin Mac Gabhann a thóg 'Plug-In Cottage' ar inbhear in oirthuaisceart Dhún na nGall. Rugadh agus tógadh Gillian Beare sa cheantar seo. Bhí a tuismitheoirí i mbun fáilte a chur roimh thurasóirí go Loch Finne ó 1983, agus anois tá Gillian agus a deartháir ag leanstan ar aghaidh leis an ngnó agus fís iomlán nua cruthaithe acu.
Sa chúigiú clár casfaidh Síle le hoileánaigh a labhróidh léi faoi na deacrachtaí a bhaineann le bheith ag tógáil ar oileáin, fadhb a bhí ag Máirtín Ó Concheanainn agus ag Síghle Cotter in Inis Mór. Déanfaidh Mary O'Driscoll cur síos ar an stair a bhaineann le ‘Manor House’ ar Oileán Reachlainn, agus casfaidh sí le beirt fheighlithe ar an mBlascaod Mór.
I gclár a sé casfaidh Síle le dhá theaghlach a bhfuil sár-thuiscint acu ar athrú aeráide. Tá an file agus ball d’Aosdána, Paddy Bushe, ina chónaí cois uisce i mBaile an Uisce le 50 bliain. Tabharfaidh sé léargas dúinn ar an athrú atá tarlaithe laistigh den am sin. Freisin, casfaidh Síle le Nicholas agus Annie Bowan a thóg 'Passive House' sa Sciobairín. Déanfaidh siad cur síos ar an mbealach a thóg siad an teach agus ar na roghanna a rinne siad.
Sa seachtú clár, cuirfidh Síle aithne ar theaghlaigh a bhfuil cónaí orthu taobh leis an uisce. Tá na teaghlaigh seo ag cur fúthu sna ceantair seo leis na glúnta agus labhróidh siad faoi chomh tábhachtach agus speisialta is atá sé a bheith ina gcónaí sna ceantair seo.
Sa chlár deiridh tabharfaidh Síle cuairt ar dhá thearmann, tithe bhí ina sprioc le fada an lá ag na húinéirí. Chaith Micheál Ó Grálaigh agus Máire Ní Thoibín na blianta ag faire ar áit do theach ar an bPromanáid i mBóthar na Trá, agus tar éis blianta fada, d’éirigh leo an áit sin a fháil sa deireadh. Tabharfaidh Síle cuairt ar Brian Spain chun an 'Lost Cottage' i gCiarraí a fheiceáil, togra a thóg na blianta fada air teacht chun fíre.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.