Search

06 Sep 2025

Pléann Mary Kennedy gach a bhaineann le dul in aois in clár úr

Uaigneas, imní faoi shláinte fhisiciúil, meabhairshláinte, oistéapóróis, cúrsaí gnéis agus an t-aoiseachas a phlé

Beidh duine de na pearsantachtaí agus craoltóirí is mó a bhfuil cion ag muintir na tíre uirthi ag dul i ngleic le hábhair a bhaineann le dul in aois in Mary Kennedy - Fad Saoil. 

Déanfaí an láithreoir, Mary Kennedy, cioradh ar gach a mbaineann le dul in aois sa chlár úr, uaigneas, imní faoi shláinte fhisiciúil, meabhairshláinte, oistéapóróis, cúrsaí gnéis agus an t-aoiseachas san ionad oibre a phlé sa chlár. Tá sé mar mhisean ag Mary daoine atá ag dul in aois a spreagadh le saol maith, fada a bheith acu agus sult a bhaint as. 

Cuirfidh Mary tús lena turas le cuairt ar Choláiste na Tríonóide, áit a bhfuil tionscadal ceannródaíoch taighde ar aosú dar teideal TILDA ar bun. Is í an tOllamh Rose Anne Kenny bunaitheoir agus príomhthaighdeoir an staidéir seo atá chun tosaigh ar leibhéal domhanda, trína ndéantar na hathruithe a tharlaíonn le himeacht ama a scrúdú d’fhonn tuiscint a fháil ar a dtarlaíonn agus daoine ag dul in aois. Ligfidh Mary dóibh roinnt tástálacha a dhéanamh uirthi féin, agus cuirfear iontas an domhain uirthi nuair a chloisfidh sí gur féidir linn smacht a bheith againn ar suas le 80% den phróiseas aosaithe. 

Ó cuireadh iallach uirthi féin éirí as RTÉ nuair a bhain sí 65 bliana amach, is é tuairim Mary nach bhfuil ciall ar bith le scor éigeantach. Rachaidh sí chuig Amharclann na Mainistreach chun casadh leis an aisteoir Bríd Ní Neachtain, nach bhfuil lá rúin aici éirí as, a deir go bhfuil go leor le déanamh aici fós. Cloisfidh Mary tuairim Bhríd ar an tionchar a bhíonn ag aosú ar ghairm bheatha agus ar shaol pearsanta aisteoirí mná, agus déanfaidh siad machnamh ar an dearcadh atá ag an tsochaí i leith mná níos sine.

Tagann athruithe ar go leor gnéithe den saol de réir mar a théimid in aois, agus in amanna ní oireann ár mbaile féin dúinn a thuilleadh. An ceart bogadh go háit eile nuair a éiríonn duine níos sine? Creideann Mary gur cheart, má dhéanann tú ag an am cheart é. Bhog Mary í féin le déanaí mar go raibh an teach rómhór di ó d’fhás a clann aníos. Buailfidh Mary le Máire Ní Chinnéide, atá sna 70idí anois, a bhog as Baile Átha Cliath ar ais go Ciarraí, a contae dúchais, nuair a bhí sí sna 60idí. 

Rinne Máire an-iarracht pobal cairde a chothú di féin, go háirithe mar go bhfuil cónaí uirthi léi féin. Tabharfaidh sí Mary léi chuig ceann de na himeachtaí sóisialta a bhíonn sí ag freastal orthu - Allagar na hAoine - grúpa áitiúil a chruinníonn le chéile chun plé a dhéanamh ar theanga, ar fhaobhar a choinneáil ar an intinn i gcónaí agus chun cupán tae a bheith acu le chéile. Míneoidh Máire mar a dhéanann sí iarracht réamhbheartaithe dul chuig imeachtaí sóisialta, í féin a choimeád aclaí agus aire a thabhairt dá sláinte. Tá sé thar a bheith tábhachtach di go mbeidh sí neamhspleách i gcónaí, agus bíonn buairt ar Mháire go minic nach mbeidh sí in ann fanacht ina teach féin nuair a bheidh sí níos sine agus meath ag teacht ar a sláinte. Is údar mór imní é seo do Mháire agus beimid léi de réir mar a rachaidh sí i dtaithí ar mar a bhíonn an t-aosú i ndáiríre.

Agus an tsláinte ag luí go trom ar intinn Mary, casfaidh sí leis an Ollamh Moira O’Brien, POF agus bunaitheoir Irish Osteoporosis Society atá 89 bliain d’aois a mhíneoidh di go bhfuil an Oistéapóróis inchóireáilte agus, níos tábhachtaí fós, go bhfuil sí inchoiscthe. Thosaigh Mary ag gníomhú ina hambasadóir don chumann mar go raibh sí tiomanta do bhéim a leagan ar ghné de shláinte na mban nach raibh mórán airde á fáil aici, in ainneoin na ndrochthorthaí a bhíonn aici ar go leor ban in Éirinn.  

Tá go leor gnéithe éagsúla ann a chuireann le dea-shláinte agus folláine, agus tarraingíodh aird i staidéar a rinneadh le déanaí ar chomh luachmhar is atá an chruthaitheacht agus muid ag dul in aois, go háirithe i gcás na mban. Socraíonn Mary dul agus bualadh leis an gceoltóir agus mórphearsa chultúir Mary Coughlan chun léargas a fháil ar a tuairimí ar mar a choinníonn an chruthaitheacht ag imeacht muid agus muid ag dul amach sna blianta. Cuirfidh Mary Coughlan in iúl nach mbíonn sé éasca i gcónaí a bheith ag éirí níos sine, ach go mbíonn deis againn ár n-intinn a dhíriú ar rudaí dearfacha sa saol nuair atá bealach againn tairbhe a bhaint as an gcruthaitheacht agus dar ndóigh, mar atá tugtha le fios cheana ag an Ollamh Rose Anne Kenny, is féidir suas le 7 mbliana a chur le d’ionchas saoil trí dhearcadh dearfach i leith an tsaoil a bheith agat.

Is gné uilechoiteann den saol é an t-uaigneas, agus beidh gach duine uaigneach ag pointe éigin dá saoil - go háirithe nuair a bheidh siad amach sna blianta. Labhróidh Mary le Seán Moynihan, POF an charthanais ALONE, agus inseoidh sé di gur baoil thromchúiseacha sláinte poiblí iad an t-uaigneas agus an scoiteacht shóisialta i ndaoine fásta níos sine. Imríonn siad drochthionchar ar líon mór daoine in Éirinn agus ardaíonn siad an baol go dtiocfadh néaltrú agus ríochtaí tromchúiseacha sláinte eile orthu. Tabharfaidh Mary cuairt ar cheann de scéimeanna tithíochta ALONE chun labhairt le Ann Parsons agus le Mick McCarthy faoin gcumhacht a bhaineann le comhluadar. Labhróidh an t-oibrí deonach Diarmuid Ó hAlmhain faoin tairbhe a bhaineann sé féin as an taithí. 

Foghlaimeoidh Mary ceacht spreagúil faoin domhan agus faoin mbeatha ó Áine Uí Dhubhshláine a bhfuil cónaí uirthi cois farraige in iarthar Chiarraí. Fuair a fear céile bás 16 mbliana ó shin, agus inseoidh sí do Mary go mbíonn cumha uirthi i ndiaidh Míchíl gach uile lá ach go mbaineann sí leas iomlán as an saol gach lá agus go mbíonn sé mar mhana aici i gcónaí go bhfuil an chuid is fearr le teacht fós.

Beidh tús áite don dearfacht i gcónaí agus Mary ag dul isteach i rang Qigong, áit a labhróidh sí leis an teagascóir Máire Ní G faoin gcleachtas. Míneoidh sí do Mary go ndírítear ar fhuinneamh gnéasach mar ghné amháin de chleachtas Qigong, agus labhróidh sí faoi chuid de na buntáistí atá le baint ag mná níos sine as am a chur i leataobh dá gnéasacht, lena n-áirítear féinmheas, imdhíonacht níos fearr agus fadsaolaí.

Beidh an Síceolaí Barbara Hernon ag míniú don lucht féachana i rith an ama mar a théann na heispéiris ar fad a ndéanann Mary iniúchadh orthu i bhfeidhm orainn ó thaobh na mothúchán de, agus ar an gcaoi a iompraímid muid féin i gcaitheamh ár saoil.

Arna léiriú ag Tyrone Productions do TG4.

Tá Mary Kennedy: Fad Saoil le craoladh ar TG4 ag 9.30pm Dé Céadaoin an 15 Feabhra 2023.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.