De bharr gur éirigh chomh maith de shéasúr a haon, de Scéalta Grá na hÉireann, tá an clár ar ais arís don dara séasúr. Feictear sé lánúin úr le sé scéal a bhrisfeadh do chroí. Clúdaítear réimse leathan imeachtaí stairiúla sna scéalta sin, ina measc Éirí Amach 1798, Éirí Amach na Cásca, Cogadh na Saoirse agus Cogadh Cathartha Mheiriceá.
Aithnítear scéal tarraingteach Grace Gifford agus Joseph Plunkett go forleathan mar cheann de na scéalta grá is tragóidí i stair na hÉireann. Tugadh Grace agus Joe le chéile mar gheall ar an ngrá a bhí acu d’Éirinn agus an spioradáltacht agus idéil chomhroinnte a bhí acu.
Pósadh i bPríosún Chill Mhaighneann iad ach cailleadh an bheirt acu go tragóideach le linn an fhoréigin in Éirí Amach na Cásca 1916. Beidh cuimhne go deo ar an ngrá a bhí acu dá chéile agus dá dtír.
Is beirt bhan iad Bean Eleanor Butler ó Chaisleán Chill Chainnigh agus Sarah Ponsonby ó Woodstock House a raibh rún acu a bheith le chéile in ainneoin na ngnásanna sóisialta a bhí ann ag an am agus na constaicí a bhí rompu.
Thug siad neamhaird ar an méid a raibh an tsochaí ag súil leis agus dhiúltaigh siad cloí leis na róil thraidisiúnta inscne. Is scéal inspioráideach é seo faoi ghrá gan teorainn agus misneach dobhriste. Is léiriú freisin ar chumhacht an ghrá agus ar an tábhacht a bhaineann le bheith dílis duit féin é scéal na lánúine seo.
Bhí an oiread céanna grá ag Michael Joseph O’Rahilly agus Nancy Brown dá chéile agus a bhí acu do bheith ag troid ar son shaoirse na hÉireann. Leagadh a dteach ag 40 Páirc Hoirbeaird go talamh le déanaí rud a dúradh a léiríonn an neamhaird atá ag an rialtas ar oidhreacht chultúrtha agus stairiúil na tíre.
Mar sin féin, in ainneoin gur chaill siad a dteach féin, maireann an oidhreacht a bhain leis an ngrá a bhí acu dá chéile fós trí litir a scríobh Michael Joseph O’Rahilly, agus é sínte ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus goin a bháis faighte aige, chun slán a fhágáil ag Nancy le linn Éirí Amach na Cásca 1916.
Thit Matilda agus Theobald Wolfe Tone i gcuaifeach grá le chéile le linn ré na réabhlóidí. Ó Éirinn chuig an bhFrainc agus Meiriceá, d’éirigh leis an lánúin chumhachtach seo, beagnach, an ceann is fearr a fháil ar Impireacht na Breataine agus d’éirigh leo teagmháil a dhéanamh le Napoléon é féin. Tá cuimhne ghrinn ar Wolfe Tone inniu a bhuíochas le hiarrachtaí Matilda a dhialanna agus scríbhinní polaitíochta a chaomhnú sa bheathaisnéis dhá imleabhar a bhfuil cáil uirthi anois, Life of Theobald Wolfe Tone.
Leslie Price agus Tom Barry, an lánúin a chuir deireadh le himpireacht. Tá príomhról i gceist leis an mbaint faoi seach a bhí acu le Cumann na mBan agus le colún reatha Bhriogáid Iarthar Chorcaí maidir leis an mbonn a bhaint ó oibríochtaí Impireacht na Breataine in Éirinn le linn Chogadh na Saoirse.
I ndiaidh an Chogaidh Chathartha, chuidigh Leslie Price le dul chun cinn Stát na hÉireann, trí chuidiú le Cros Dhearg na hÉireann, Gorta agus an VHI a bhunú agus tá gach ceann acu sin fós ag feidhmiú sa lá atá ann inniu.
Obair cheannródaíoch atá i leabhar Tom Guerilla Days in Ireland i dtaca le troid na hÉireann ar son na saoirse agus teaicticí treallchogaíochta. Is mar gheall ar a n-iarrachtaí ar fad le linn na réabhlóide a raibh siad ar cheann de na lánúineacha is gníomhaí agus is mó a raibh tionchar acu ag an am sin.
Scéal a bhaineann le grá coiscthe, íobairt agus achrann polaitíochta atá i gceist le scéal John Mitchel agus Jenny Verner. Thit John Mitchel, an príomhdhuine i ngluaiseacht náisiúnach na hÉireann, agus Jenny Verner, comhalta mór le rá den uasalaicme Phrotastúnach, i ngrá le chéile in ainneoin go raibh a dteaghlaigh míshásta leo agus go raibh scoilt shóisialta ann ag an am. Lena dtiomantas dá chéile agus do chúis shaoirse na hÉireann, feicfear iad ag dul trí 4 mhór-roinn, go leor cogaí agus blianta príosúnachta.
Gealltar leis an dara séasúr de Scéalta Grá na hÉireann go mbeidh sé i bhfad níos tarraingtí ná an chéad cheann, de réir mar a thugtar an lucht féachana ar ais go dtí na seanlaethanta chun cloisteáil faoi scéalta grá na lánúineacha is aitheanta in Éirinn.
Beidh foireann sainstaraithe ar an gclár chun beocht a chur sna scéalta sin ar bhealach instinniúil agus spéisiúil.
Is Léiriú de chuid Bo Media do TG4 é Scéalta Grá na hÉireann a léiríodh le tacaíocht ó
Údarás Craolacháin na hÉireann.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.