Search

06 Sep 2025

Thug An Cailín Ciúin, dhá ghradam leis ag Féile na Meán Ceilteach

"Aithnítear ‘An Cailín Ciúin’ mar cheannródaí don ealaín chruthaitheach sa Ghaeilge agus is aitheantas an-suntasach é an gradam seo d’úire agus do dhoimhneacht na físe atá tugtha ag Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi chuig cineama na hÉireann”

Tá dhá duais mór buaite ag An Cailín Ciúin sa chatagóir do spiorad na féile agus gradam sa chatagóir dráma aonair ag Féile na Meán Ceilteach atá ar siúl i mbliana sa Chlochán Liath.

Mar aon leis na gradaim seo, tá an t-iliomad ainmniúchán agus gradam faighte ag an scannán seo le dhá bhliain anuas, ainmniúchán do ghradam Oscar níos túisce i mbliana ina measc, mar aon le hocht gcinn de ghradaim IFTA a bhuachan in 2022. 

Insíonn An Cailín Ciúin scéal Cháit, Catherine Clinch, cailín óg ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh. Cé go gcuireann bean an tí, Eibhlín, Carrie Crowley, fáilte croíúil roimh Cháit, fanann fear an tí, Seán, Andrew Bennett, amach uaithi, agus ise uaidhsean, ach le himeacht ama, tosaíonn cairdeas ag neartú eatarthu.

Is é An Cailín Ciúin an chéad fadscannán ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus ón léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal. Bhí An Cailín Ciúin ag na Oscars ag tús na bliana, áit a raibh ainmniúchán faighte aige sa chatagóir don scannán idirnáisiúnta. Tá an scannán seo bunaithe ar an úrscéal Foster a scríobh ag Claire Keegan.
 

Is cuid de Mhórscéim do shaothair fadscannáin i nGaeilge An Cailín Ciúin. Is iad TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) a chuireann an maoiniú ar fáil don scéim seo faoin mbranda Cine4.

Is éard a dúirt Alan Esslemont Ard-Stiúrthóir TG4: “Tá Gradam ‘Spiorad na Féile’ ag Féile na Meán Ceilteach ag déanamh ceiliúradh ar scoth na cruthaitheachta scáileáin sna tíortha Ceilteacha le hos cionn daichead bliain anuas. Aithnítear ‘An Cailín Ciúin’ mar cheannródaí don ealaín chruthaitheach sa Ghaeilge agus is aitheantas an-suntasach é an gradam seo d’úire agus do dhoimhneacht na físe atá tugtha ag Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi chuig cineama na hÉireann.”

Is í Féile na Meán Ceilteach ceann de na féilte is mó le rá agus is fadbhunaithe ar na hoileáin seo agus reáchtáiltear gach bliain í, á roinnt ar na hionaid sna náisiúin agus réigiúin éagsúla Cheilteacha. Cónascann sí comhdháil trí lá do na meáin, a mheallann craoltóirí, léiritheoirí, na meáin chumarsáide agus mic léinn, le comórtas ar fud réimse iomlán de sheánraí ábhair Scannán, Teilifíse, Raidió agus na Meán nua. Bíonn an-tóir go deo ar ghradaim Fhéile na Meán Ceilteach. Is sa Chlochán Liath i nDún na nGall atá Féile na bliana seo ar siúl.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.