Search

06 Sep 2025

Sraith cheoil cúig chlár a ndearnadh an scannánú uirthi ag Night and Day Festival anuraidh

Night and Day ó Dhubh go Dubh ar TG4

Tá ríméad ar Red Shoe Productions clár ceoil Gaeilge úr a fhógairt, a ndearnadh an scannánú ar ag an Night and Day Festival anuraidh i gContae Ros Comáin. 

Craolfar an tsraith cúig chlár ar TG4 an samhradh seo ina mbeidh ceol á chasadh ag Villagers, Mary Wallopers, Moxie, Orla Gartland agus beidh go leor taispeántas eile as Éirinn agus ó thar lear ann chomh maith. 

Ba é Teach Chluain Mhalais i gContae Ros Comáin an láthair don chéad Night and Day Festival. Is é Cruachan Productions, a bhunaigh Night and Day Festival ina raibh ceol iontach, réimse taispeántais chultúir chomh maith le spraoi, imeachtaí atá oiriúnach do theaghlaigh a chuir siamsaíocht ar fáil do leanaí, tuismitheoirí agus cairde ar fud dheireadh seachtaine chónocht an fhómhair.  

Tarraingníodh na sluaite ó ar fud na tíre chuig an bhféile champála dhá-lá seo do bhuille scoir shéasúr na bhféilte.

Is iad Kayte O’Malley agus Cian Ó Maonlaí láithreoirí na sraithe ina mbeidh príomhthaispeántais le feiceáil ó stáitse Bhanríon Medb agus agallaimh le healaíontóirí ar chúl an stáitse, chomh maith leis an gcraic agus dathanna ar fad a bhain leis an bhféile.

Mar a bheifeá ag súil leis, choimisiúnaigh TG4 an clár seo agus is é mar aidhm acu daoine cumasacha nua a chur os comhair an lucht féachana ar an scáileán agus ar shiúl ón scáileán araon.

Ba é seo an chéad uair do Kayte O’Malley agus Cian Ó Maonlaí sraith a chur i láthair. Is ceoltóir cumasach agus príomhamhránaí leis an mbanna ceoil Big Love é Cian, ar mac é leis an gceoltóir clúiteach Liam Ó Maonlaí, agus is craoltóir raidió í Kayte O’Malley a bhfuil go leor duaiseanna buaite aici.

Is as Ciarraí Kayte agus cuireann sí an clár i rith thráth tiomána an tráthnóna i láthair ar Galway Bay FM i ndiaidh di bogadh le gairid ó shainchlár ceoil Ghaelaigh ar iRadio. Is é Cian Cusack, céimí ó Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge a oibríonn sa rannóg Iarléirithe le Red Shoe Productions a rinne eagarthóireacht ar an tsraith.  

Bhain Cian taitneamh freisin as seal a chaith sé taobh thiar den cheamara ag an bhféile.

Le craoladh ar TG4 Dé Domhnaigh, Meitheamh 18 ag 10.30pm.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.