Beidh Megan Nic Ruairí as Rann na Feirste le feiceáil ar dhá shraith ceoil do chuid TG4 an tseachtain seo. Beidh an chéad cheann Bláth na hÓige ar an Déardaoin, Bealtaine 18 ag 8pm agus an dara ceann ar an 21ú Bealtaine ag 10.30pm.
Is sraith nua í Bláth na hÓige a léiríonn buanna ilghnéitheacha d’amhránaithe óga atá tiomanta d’ealaín na hamhránaíochta ar an sean-nós le muinín, bród agus dúthracht.
Beidh Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta, Méabh Ní Bheaglaoich, Cathal Ó Curráin, Piaras Ó Lorcáin agus sisters Máire agus Étáin Ní Churraoin páirteach sa chlár i dteannta Mhegan chomh maith.
Chuir Megan tús lena turas ceoil lena grúpa clainne Clann Mic Ruairí. Is amhránaí agus pianódóir í atá anois sa ghrúpa Big Love. Seo an clár deiridh sa tsraith agus beidh ceolchoirm ann a thabharfaidh na ceoltoirí uilig le chéile do cheolchoirm an Domhnaigh a bheas ar siúl ar Bealtaine 21ú ag 9.30in.
Leanfar ceolchoirm an Domhnaigh leis an cheann deireanach sa tsraith de Buille - seó ceoil spreagúil agus éagsúl a thugann stáitse dó chuid de na ceoltóirí is cumasaí agus is éagsúla in Éirinn sa lá atá inniu ann.
Beidh Megan ag seinm ar an gclár deiridh seo Dé Domhnaigh, Bealtaine 21 ag 10.30pm. Rinneadh an clár a scannánú os comhair lucht féachana beo i Dolan’s,Luimnigh – ceann de na hionaid cheoil is fearr agus is buaine sa tír, a deirtear – bhí na láithreoirí Eve Belle agus Cian McCarthy i láthair.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.