Search

06 Sep 2025

Sloinne, sraith nua seacht gclár a bheidh le craoladh ar TG4

Cíorfar sa tsraith seo na scéalta iontacha a bhaineann le roinnt de na sloinnte is coitianta atá againn in Éirinn

Sloinne, sraith nua seacht gclár a bheidh le craoladh ar TG4

Bí faoi réir d'eachtra iontach go dtí croílár oidhreacht na hÉireann le Sloinne, sraith nua seacht gclár a bheidh le craoladh ar TG4 ón 21 Eanáir 2024.

Cíorfar sa tsraith seo na scéalta iontacha a bhaineann le roinnt de na sloinnte is coitianta atá againn in Éirinn, ag tabhairt na staire chun fíre ar bhealach a mbeidh sé éasca ag gach duine sult a bhaint aisti. Áirítear ar na sloinnte a bheidh faoi chaibidil sa chéad tsraith -Ó Flaithearta, Ó Murchú, Ó Ceallaigh, Ó Súilleabháin, Ó Domhnaill, Seoighe agus Ó Conchubhair.

Tabharfar léargas suimiúil dúinn ar Sloinne ar an nasc láidir atá idir ár gceantair áitiúla agus ár sloinnte. An tírdhreach creagach in Iarthar Chorcaí a bhfuil a lorg fágtha ag muintir Uí Shúilleabháin air, nó na scéalta sa stair a bhaineann le muintir Uí Dhomhnaill a bhfuil a macalla ar fud shléibhte Dhún na nGall, nó fuil ársa mhuintir Sheoighe na Gaillimhe mar shampla.

Cuirfidh aoi speisialta gach clár i láthair ina mbeidh siad ag fiosrú shloinne a dteaghlaigh agus á dtabhairt ar thuras siar san am atá caite. Tabharfar cuairt ar na ceantair ársa is mó a bhfuil ceangal acu leis na sloinnte seo agus tabharfar cathanna éachtacha agus aighnis faoi thalamh agus faoi shealúchais chun cuimhne. Ó dhaoine a raibh cáil mhór orthu go dtí daoine a raibh mí-cháil orthu, cuireann scéalta comhaimseartha lucht na sloinnte gné phearsanta leis an scéal, agus leagann béim freisin ar an gceangal buan atá againn lenár sinsir.

Ní gnáthcheacht staire atá i gceist le Sloinne; is meascán spéisiúil é den am atá caite agus den am i láthair, ag nascadh an phéire le chéile ar bhealach siamsúil agus eolasach. Is cuma más in Éirinn atá tú nó más cuid de dhiaspóra na hÉireann thú, más suim leat an oidhreacht chultúir, is é Sloinne an tsraith duitse.

Craolfar clár a haon ar Eanáir 21 ag 20:45pm: Sa chéad chlár, fiosróidh Mazz O'Flaherty, Úinéir Shiopa Cheirnín an Daingin, an stair a bhaineann leis an sloinne Ó Flaithearta. Tabharfaidh a cuid fiosruithe go Gaillimh í agus go hOileáin Árann mar go bhfuil spéis aici a fháil amach cén fáth a raibh Ó Flaithearta mar chuid dá shloinne ag Oscar Wilde.

Craolfar clár a dó ar Eanáír 28 ag 20:30pm: Sa dara clár, rachaidh Noelle Gallagher (Ní Mhurchú), iníon le Liam Ó Murchú (nach maireann) ar aistear chun tuilleadh a fháil amach faoin sloinne Ó Murchú. Tabharfaidh a cuid fiosruithe ó Bhaile Átha Cliath go Loch Garman í agus as sin go Corcaigh, an áit is mó a luaitear leis an sloinne.

Craolfar clár a trí ar Feabhara 4 ag 20:30pm: Sa tríú clár, aimsíonn Aodán Ó Ceallaigh, ar as an Rinn i bPort Láirge ó dhúchas dó, a shloinne i Sean-Lámhscríbhinní na nGael agus as sin, faigheann sé amach go dtagann an sloinne ó shean-Ríocht nach ann di níos mó. Tabharfaidh sé cuairt ar an réigiún chun tuilleadh a fháil amach agus casfaidh sé le daoine a insíonn scéalta dó faoi dhaoine a raibh an sloinne céanna acu, an t-aisteoir Grace Kelly agus an t-amhránaí Luke Kelly ina measc.

Craolfar clár a ceathair ar Feabhra 11 ag 20:30pm: Rachaidh Seán Ó Súilleabháin ag tochailt go bhfaighidh sé amach faoin scéal agus faoin stair a bhaineann leis an sloinne Ó Súilleabháin agus bheadh duine ar bith ag ceapadh go gcuirfeadh sin i dtreo Chontae Chorcaí é.

Craolfar clár a cúig ar Feabhra 18 ag 20:30pm: Rachaidh Hannah Ní Dhomhnaill, ar as Gaeltacht Dhún na nGall ó dhúchas í, ar aistear chun tuilleadh a fháil amach faoin sloinne Ó Domhnaill.

Craolfar clár a sé ar Feabhra 25 ag 20:30pm: Rachaidh Máirtín Seoighe as Contae na Gaillimhe ag tochailt chun an stair a bhaineann lena shloinne a fháil amach agus ar ndóigh, tabharfaidh sé sin chomh fada le ceantar Dhúiche Sheoigheach é agus níos faide ó bhaile.

Craolfar clár a seacht ar Márta 3 ag 20:30pm: Rachaidh Frankie Ó Conchubhair ag tochailt go bhfaighidh sé amach faoin stair a bhaineann lena shloinne agus tugann sin chomh fada le Teach Chluain Mhalais é i gContae Ros Comáin, baile dúchais mhuintir Uí Chonchubhair. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.