Search

06 Sep 2025

Neart siamsaíochta Nollaig 2023 ar Cúla4

Tá flúirse cláracha agus scannán ag Cúla4 a chuirfidh gliondar ar lucht féachana níos óige an Nollag seo. Beidh láithreoirí Cúla4 Niamh, Seosamh agus Síle leat le linn na Nollag le neart spraoi, scéalta agus scléipe. 

Áirítear ar na scannáin Ghaeilge atá feiliúnach don lucht féachana níos óige agus níos sine ar fad Nollaig an Yeití, Oíche Nollag ag 7pm, Ice Age: Dawn of the Dinosaurs, lá Nollag ag 2pm, The Boss Baby, lá Fhéile Stiofáin ag 5pm, Curious George, Moncaí Ríoga, oíche Chinn Bliana ag 6.25pm, My Little Pony, lá Caille ag 8am, agus Cloudy with a Chance of Meatballs, 1/1/24 ag 5.30pm.

Bain lán na súl as an draíocht a bhaineann le scéalta aoibhne Julia Donaldson agus iad á dtabhairt chun fíre tríd an mbeochan gach Aoine le linn mhí na Nollag. Craolfar An Seilide agus an Míol Mór, Dé hAoine an 15 Nollaig ag 2pm.

Scéal álainn é seo faoin gcairdeas gan choinne a bhíonn idir seilide agus míol mór nuair a fhaigheann an seilide síob ar eireaball an mhíl mhóir agus faoi na heachtraí den scoth a bhíonn acu in éineacht. Bunaithe ar leabhar pictiúr a scríobh Julia Donaldson.

Ina dhiaidh sin ag 2.30pm taispeánfar Sár-phéist - péist fhada, láidir a bhfuil scileanna den scoth agus croí mór aige a mbíonn air tarrtháil a thabhairt in am an ghátair go minic.

Ach céard a tharlaíonn nuair a bhíonn an iomarca gaisce aige agus nuair a thosaíonn sé ag déanamh neamhaird dá chuid cairde? Dé hAoine, Nollag 22 ag 2pm a chraolfar The Highway Rat. Gadaí neamhthrócaireach é seo a bhíonn ag goid bia agus sneaiceanna ar fad na n-ainmhithe eile. An mbeidh aon duine in ann ceacht a mhúineadh dó?  

Ag 2.30pm a bheidh Room on the Broom ar siúl -  Tá an chailleach agus a cat ag imeacht leo ar an scuab ach tá gach a bhfuil ag an gcailleach ag titim uaithi. Tugann ainmhithe éagsúla cúnamh di a cuid rudaí a aimsiú ach an bhfuil áit ag gach duine ar an scuab?

Is féidir formhór na gclár a íoslódáil ó Cúla4.com. Craoltar Cúla4 14 uair an chloig sa lá, ón 6 a chlog gach maidin go dtí a 8 a chlog gach tráthnóna.   Tá Cúla4 le fáil ar, Saorview – cainéal 18, Virgin Media – cainéal 602, Sky – cainéal 624, Sky i dTuaisceart na hÉireann – cainéal 627 & Sky Glass, Eir agus www.cula4.com

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.