Search

22 Oct 2025

TG4 beo ag Rásaí na Gaillimhe 2023

Clúdach Beo Teilifíse ó Fhéile Samhraidh Rásaí na Gaillimhe deimhnithe ag TG4 Dé hAoine agus Dé Sathairn an 4 agus 5 Lúnasa

Tá sé deimhnithe ag TG4 go gcraolfaidh an stáisiún dhá lá den rásaíocht ó Fhéile Samhraidh Rásaí na Gaillimhe na bliana seo beo Dé hAoine agus Dé Sathairn an 4 agus an 5 Lúnasa.

Áireofar mar chuid den chlúdach beo ar TG4 sceideal ollmhór rásaíochta ina dtaispeánfar 16 rás le linn an dá lá do lucht féachana saor go haer.  

Tá ríméad ar an gcraoltóir Gaeilge a bheith ag craoladh beo arís as ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh i ndiaidh chomh maith agus ar éirigh leis an gclúdach ó fhéile na bliana anuraidh a bhí lán le teannas agus sceitimíní ina measc Hallowed Star Shark Hanlon ag tabhairt léi an Boylesports Handicap Hurdle le Rachael Blackmore sa diallait agus é ina dhíle bháistí.  

Seán Bán Breathnach a chuirfidh Rásaí Beo i láthair, agus is iad Mánus Ó Conghaile agus Evelyn Ní Ghriallais a bheidh i mbun tráchtaireachta. Gheobhaidh an t-iriseoir Daragh Ó Conchúir tuairimí na dtraenálaithe, na n-úinéirí agus na marcaithe lasmuigh den fháinne paráide agus is é Cárthach Bán Breathnach a bheidh i mbun tráchtaireachta ar na rásaí. Cuirfidh an fhoireann clúdach cuimsitheach ón ráschúrsa ar fáil do lucht féachana TG4 agus bí cinnte de go mbeidh neart spraoi agus spóirt againn as Baile an Bhriotaigh chomh maith.  

An comhlacht Nemeton TV atá lonnaithe i bPort Láirge a léiríonn Rásaí Beo. Is í an fhoireann seo i nGaeltacht na Rinne a léiríonn Laochra Gael, Peil na mBan Beo agus GAA Beo do TG4 chomh maith. 

Sula gcuirfear tús le rás ar bith beidh an láithreoir Caitríona Ní Chualáin ag tabhairt cuairt ar an ráschúrsa mór le rá seo chun a bhíonn ag tarlú sa chúlra a thaispeáint go heisiach do lucht leanta ardáin meán sóisialta TG4. 

Is éard a dúirt Príomhfheidhmeannach Rásaí na Gaillimhe Michael Moloney: "Tá ríméad orainn go bhfuil foireann TG4 ar ais in éineacht linn arís anseo ar Ráschúrsa na Gaillimhe d’Fhéile an tSamhraidh Dé hAoine agus Dé Sathairn. Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh lucht leanta na rásaí, a bhfuil an-mheas agus luach againn orthu, ar ais go Baile an Bhriotaigh. Táimid faoi réir. Cuirfear fáilte Uí Cheallaigh romhaibh go léir.” 

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha: “Tá an-áthas ar TG4 a bheith ar ais ag craoladh arís ó Fhéile Samhraidh Rásaí na Gaillimhe 2023. Tá rásaíocht capall ina cuid ríthábhachtach d’ábhar spóirt an stáisiúin le 2 bhliain agus táimid ag súil le leanúint leis sin le clúdach saorchraolta TG4 ar chruinniú rásaíochta capall is mó na hÉireann a chur ar fáil.  Táimid ag súil go mór le Rásaí Beo agus leis an sceitimíní agus briseadh croí a bhíonn i gceist leis an bhféile mór le rá seo a chur i láthair an lucht féachana arís.”

Seo a leanas sceideal iomlán Rásaí na Gaillimhe TG4: 
  

Dé hAoine Lúnasa 4 

Cuirfear tús leis an gclúdach beo ar TG4 ag 4.50pm 

1ú Rás: 5.00pm The Guinness Galway Tribes Handicap Hurdle

2ú Rás: 5.30pm The James’s Gate Irish EBF Median Auction Maiden

3ú Rás: 6.00pm The Guinness Galway Blazers Handicap Steeplechase

4ú Rás: 6.35pm The Guinness Handicap

5ú Rás: 7.10pm The Guinness Irish EBF Fillies Maiden

6ú Rás: 7.40pm The Arthur Guinness Handicap

7ú Rás: 8.10pm The Rockshore Irish Lager Race

8ú Rás: 8.40pm The Hop House 13 Handicap

Dé Sathairn LÚNASA 5ú
Cuirfear tús leis an gcraoladh beo ar TG4 ag 1.50pm 

1ú Rás: 1.55pm The Boylesports Maiden Hurdle

2ú Rás: 2.30pm The Boylesports Handicap Hurdle

3ú Rás: 3.05pm The Boylesports Casino Irish EBF Maiden

4ú Rás: 3.40pm The Bathshack Maiden 

5ú Rás: 4.15pm The Grá Chocolates Irish EBF Nursery Handicap

6ú Rás: 4.50pm The Ardilaun Hotel Handicap

7ú Rás: 5.25pm The McDonogh Capital Investments Handicap

8ú Rás: 5.55pm The BoyleSports Irish EBF Mares Flat Race 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.