Search

06 Sep 2025

Láithreoirí Aimsire á lorg ag TG4

"Is deis iontach é do dhuine ar bith atá ag iarraidh coiscéim a ghlacadh ar dhréimire na hoibre in earnáil na meán" - Caitlín Nic Aoidh

Ar mhaith leat a bheith ar phainéal láithreoirí aimsire TG4 is cinnte gur seo do sheans.  Cuirfidh TG4 fáilte roimh iarrthóirí ar suim leo obair shealadach a dhéanamh ar phainéal láithreoirí TG4. Tá fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil Gaeilge chruinn, líofa agus teacht i láthair taitneamhach acu. Cuirfear traenáil ar fáil agus mar sin ní gá taithí láithreoireachta a bheith agat. 

Is iontach an deis é seo d’éinne a bhfuil suim acu i réimse na láithreoireachta.  Daoine a bhfuil Gaeilge den scoth, cumas láithreoireachta, teacht i láthair taitneamhach, urlabhra shoiléir agus ardchumas scríofa agus cumarsáide acu atá ag teastáil. Chun iarratas a dhéanamh, seol mír físe nóiméad amháin -  ag déanamh cur síos ort féin, mar aon le CV chuig cv@tg4.ie - roimh an spriocdháta 8 Meitheamh 2023.

Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus tabharfar cuireadh do dhaoine ar an ngearrliosta freastal ar lá trialacha scáileáin in TG4, Baile na hAbhann, i gContae na Gaillimhe ar Meitheamh 22.

Beidh na láithreoirí sealadacha a roghnaítear i mbun oibre i gCeannáras TG4 i gConamara ó am go chéile. I measc na ndualgas beidh míreanna láithreachais agus aimsire laethúla a ullmhú agus a chur i láthair; scripteanna a dhréachtú agus guth a chur leo do bhlaisíní TG4 agus cúram a dhéanamh d’ardáin shóisialta TG4. Chomh maith le seo d’fheadfá a bheith ag déanamh ionadaíochta ó am go chéile thar ceann TG4 ag ócáidí poiblí.

Is láithreoir aimsire agus leanúnachais le TG4 í Caitlín Nic Aoidh, dúirt sí:"Tá muid ríméadach go bhfuil painéal nua á earcú ag TG4. Is deis iontach é do dhuine ar bith atá ag iarraidh coiscéim a ghlacadh ar dhréimire na hoibre in earnáil na meán. Is iomaí láithreoir aitheanta a thosaigh amach ar phainéal láithreoirí leanúnachais TG4 Aoife Ní Thuairisg, Síle Seoige, Páidí Ó Lionáird, Dáithí Ó Sé, agus mórán eile nach iad."

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.