Tiarnaí na bhFáinní: Is sraith nua podchraoltaí cúig pháirte é Scéal Oilimpeach CLG a fhéachann ar na naisc shuimiúla idir na cluichí Gaelacha agus na Cluichí Oilimpeacha, ina bhfuil cuid den iliomad imreoirí a bhuaigh ór, airgead agus cré-umha agus iad san iomaíocht ar an stáitse is mó i spórt an domhain.
Arna óstáil ag Michael Foley, iriseoir agus údar mór le rá ón Sunday Times agus an t-iriseoir agus staraí CLG Cian Murphy, tagann painéal saineolaithe i dteannta le breathnú ar chuid de na gnéithe fíor-aisteach agus iontach a bhaineann le nasc CLG leis na Cluichí Oilimpeacha agus chun cuimhne a thabhairt ar chuid de na laochra dearmadta a d’imir iománaíocht agus peil agus a bhí ar chuid de na lúthchleasaithe is mó ar domhan.
Tá sé ar fáil ón Aoine seo ar an suíomh GAA, Spotify agus gnáth-ardáin, léirithe ag Andrew Foley, Michael Foley agus Niamh Boyle.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.