Search

05 Dec 2025

Oscailt oifigiúil ionad fóillíochta Dhún Dealgan a athchóiríodh

Uasghrádú ar áiseanna linn snámha le béim ar rochtain do dhaoine faoi mhíchumas

Oscailt oifigiúil ionad fóillíochta Dhún Dealgan a athchóiríodh

Chuir an tAire Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit Spóirt, Corpoideachais agus Gaeltachta, fáilte roimh chríochnú na n-oibreacha athchóirithe ar Ionad Fóillíochta Dhún Dealgan i gContae Lú, a osclaíodh go hoifigiúil inniu (an 7 Bealtaine 2024). 

Is éard atá sna hoibreacha athchóirithe, ar tacaíodh leo faoi Chiste na Roinne um Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór, limistéir nua gléasta do dhaoine faoi mhíchumas, taisceadáin, cubhachailí gléasta a oireann do theaghlaigh, tíleanna sábháilteachta neamh-sciorracha agus limistéir gléasta grúpa. Beidh rochtain ag úsáideoirí cathaoireacha rothaí ar gach limistéar le taisceadáin saindeartha – nach raibh san áis roimhe seo.

Dúirt an tAire Catherine Martin: “Aithníonn an Rialtas go bhfuil cumas iontach ag an Spórt feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine mhuintir na tíre. Tá sé fíorthábhachtach go háirithe go bhfuil áiseanna mar seo againn ionas gur féidir le gach duine leas a bhaint astu.

Tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil béim mhór ag an uasghrádú seo ar  rochtain do dhaoine faoi mhíchumas ar shaoráidí a bhí an-teoranta roimhe seo”. “Tá a fhios agam gur acmhainn luachmhar a bheidh sa tsaoráid seo a chuirfidh sláinte agus folláine chun cinn do gach aois agus cumas ar feadh go leor blianta amach romhainn”. 

Ag labhairt ag an oscailt oifigiúil i nDún Dealgan, dúirt an tAire Byrne: “Inniu tá lúcháir orm freastal ar oscailt oifigiúil Ionad Fóillíochta Dhún Dealgan a athchóiríodh agus an tionscadal spóirt seo, a thacaigh an Roinn leis, a fheiceáil ag freastal ar riachtanais an phobail áitiúil agus an Oir-Thuaiscirt i gcoitinne. Is léiriú é seachadadh an tionscadail seo ar obair chrua an phobail áitiúil, Chomhairle Contae Lú, oifigigh na Roinne, agus na bpáirtithe leasmhara go léir a bhí páirteach sa tionscadal seo.

"Fáiltím go mór freisin roimh an mbéim a cuireadh sna hoibreacha athchóirithe seo ar rochtain do dhaoine faoi mhíchumas. An tseachtain seo caite, bhí an-áthas orm a fhógairt gur osclaíodh babhta nua €120m den Chiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór le haghaidh iarratas.

"Sa bhabhta nua seo den Chiste réiteofar an bealach le go gcuirfear go leor tionscadal eile mar seo i gcrích sna blianta amach romhainn, agus an Rialtas agus mise ag leanúint ar aghaidh ag cur infheistíochta in áiseanna spóirt chun cinn ar fud na hÉireann”.

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.