Os cionn céad scoil le páirt a ghlacadh i mblitzchomórtais urraithe ag Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha
I dtionscnamh úrnua chun pobal Gaelach níos láidre a chothú agus an Ghaeilge a chur chun cinn tá maoiniú suntasach á chur ar fáil ag Glór na nGael do chlubanna Chumann Lúthchleas Gael (CLG) ar fud na tíre le blitzchomórtas a eagrú idir bhunscoileanna nó meánscoileanna ina gceantair feidhme féin.
Mar thoradh ar phróiseas mheasúnaithe a rinneadh roimh na Nollag, íocadh deontas €1,000 le 26 club trí scéim Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar mhaithe le blitzchomórtais trí Ghaeilge a eagrú do scoileanna ina gceantair féin. Eagrófar na blitizchomórtais ins na clubanna féin agus beidh suas le 120scoil ag glacadh páirt.
Is deis iad na blitzchomórtais seo do na cumainn CLG páirt a ghlacadh i bhfeachtas dearfach chun an Ghaeilge a chur chun cinn go háitiúil. Cuireann sé leis an dlúthpháirtíocht idir na scoileanna, na múinteoirí agus na cumainn CLG Tugann sé deis do dhaoine óga, ó scoileanna éagsúla, bualadh le chéile agus a bheith páirteach i gcluichí agus an teanga ina lár.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.