Search

07 Sep 2025

Glór na nGael ag tabhairt breis agus €71,150 i ndeontais do ghrúpaí pobail agus do CLG

Seo an dara uair do Ghlór na nGael scéim Bláthú a reáchtáil agus arís eile bhí an-rath air. De thoradh na ndeontas seo beidh tionscadal fiúntacha teanga a sholáthar ag 41 coiste pobail agus 80 club CLG, rud a dhéanfaidh úsáid agus feiceálacht na Gaeilge a chothú sna pobail siúd”

Glór na nGael ag tabhairt breis agus €71,150 i ndeontais do ghrúpaí pobail agus do CLG

Deontais

Tá sé fógraithe ag Glór na nGael go bhfuil luach breis agus €71,150 i ndeontais ceadaithe ag an cheanneagraíocht do ghrúpaí pobail agus do chlubanna CLG tríd na scéimeanna Bláthú agus Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha (FSMD).

Fógraíodh an méid seo ag cruinniú de chuid an Bhord Stiúrtha i gCill Airne ag an deireadh seachtaine.

Dhá saghas deontais atá ceadaithe trí Bláthú, scéim miondeontais atá dírithe ar choistí pobail. Tá deontas amháin dírithe ar sholáthar do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge agus deontas eile dírithe ar úsáid laethúil na teanga sa phobal. Déantar infheistíocht bhliantúil de os cionn €120,000 i ngníomhaíochtaí Gaeilge sna clubanna CLG.

Go dáta tá deontas na fondúireachta tar éis tús a chur le ranganna Gaeilge, grúpaí amhránaíochta, clubanna óige, gréasáin teaghlaigh agus seisiúin traenála trí Ghaeilge i gcumainn CLG fud fad na tíre seo. Le níos mó ná 250 club CLG cláraithe in 2023, tá Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar an scéim phobal Gaeilge is mó sa tír i láthair na huaire. 

Dúirt Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha, Glór na nGael, gur dhá scéim fhiúntacha iad Bláthú agus FSMD: "Seo an dara uair do Ghlór na nGael scéim Bláthú a reáchtáil agus arís eile bhí an-rath air. De thoradh na ndeontas seo beidh tionscadal fiúntacha teanga a sholáthar ag 41 coiste pobail agus 80 club CLG, rud a dhéanfaidh úsáid agus feiceálacht na Gaeilge a chothú sna pobail siúd”

Go dtí seo i mbliana tá €.25 milliún infheistithe ag Glór na nGael i gclubanna CLG agus coistí pobail Gaeilge, agus tá infheistíocht €.5 milliún déanta i ngníomhaíochtaí Gaeilge sna cumainn CLG le sé bliana anuas. Faigheann Glór na nGael maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Meán agus ó Fhoras na Gaeilge.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.