Search

06 Sep 2025

Rásaí Lios Tuathail 2023 beo ar TG4

Rásaí Lios Tuathail 2023 beo ar TG4

Beidh TG4 ar ais i gContae Chiarraí i mí Mheán Fómhair do Fhéile an Fhómhair i Lios Tuathail. Craoladh an féile den chéad uair i bhfad siar sa bhliain 2004 agus i mbliana beidh an clár Rásaí Lios Tuathail á chraoladh den 19ú huair as a chéile agus beidh TG4 ar ais sa ríocht i mbliana chun craoladh 6 lá a dhéanamh ag tosú Dé Luain an 18 Meán Fómhair go dtí Dé Sathairn an 23 Meán Fómhair.  

I mbliana ceiliúrfar an 165ú heagrán d’Fhéile Lios Tuathail.

Bliain iontach a bhí ann ag féile na bliana anuraidh. Bhí an aimsir go maith agus tháinig slua deas ó Éirinn agus ó thar lear trí na geataí. Is í an capall ‘Bussleton’, ar thraenáil Joseph O’Brien í agus a raibh an marcach JJ Slevin ag marcaíocht uirthi, a bhuaigh rás mór na seachtaine, An Guinness Kerry National, a raibh ciste €200,000 ag dul leis.  

Sa rás drámatúil sin, thit capall John ‘Shark’ Hanlon, ‘Hewick’ ag an gclaí deireanach, rud a d’fhág go raibh an bua mór le rá ag ‘Bussleton.’  Ba é seo an dara huair ag an traenálaí Joseph O’Brien an rás cáiliúil a bhuachan i ndiaidh do ‘Assemble’ an rás a bhuachan sa bhliain 2021 roimhe seo.

I measc buaicphointí rásaíochta eile, chomh maith leis an Guinness Kerry National Handicap Steeplechase a bheidh ar siúl Dé Céadaoin, Meán Fómhair 20, tá an €100,000 Ladbrokes Ireland Handicap Hurdle a bheidh ar siúl Dé hAoine, Meán Fómhair 22.

Beidh na dearthóirí faisin Don O’Neill agus Eliza Fernández Zebo ar an láthair freisin Dé hAoine chun moltóireacht a dhéanamh ar an gcomórtas don Bhean is dea-ghléasta.  

Tá Rásaí Beo ag dul ó neart go neart agus chraol siad beo ó Bhaile an Bheileogaigh agus ó Chill Airne araon i mí Iúil den chéad uair riamh, rud a d’fhág gur deineadh craoladh beo ó 17 ráschúrsa as na 26 ionad ar oileán na hÉireann.

Craoladh Rásaí na Gaillimhe Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 4 agus 5 Lúnasa, i mbliana agus taispeánadh na 8 rás ar fad ó Bhaile an Bhriotaigh ar an dá lá.  

Bhí an fhoireann ag an gCurrach Dé Sathairn, Lúnasa 12 don dara craoladh i mbliana ó ionad aitheanta Chontae Chill Dara.  

Is sa ‘Group 1 Phoenix Stakes’ ar chuir Rásaí BEO clúdach beo de rás Ghrúpa 1 ar fáil den chéad uair riamh i gcód na rásaíochta seilge náisiúnta nó na rásaíochta seilge ar an Réidh agus ba é Bucanero Fuerte a bhuaigh an duais Keeneland Phoenix Stakes.

Is iad Seán Bán Breathnach agus Mánus Ó Conghaile, in éineacht le Sarah Lynam agus Evelyn Ní Ghriallais a chuirfidh an clár Rásaí Lios Tuathail i láthair arís i mbliana.    

Is é Mícheál Ó Sé a bheidh i mbun tráchtaireachta ar na rásaí agus istigh agus timpeall an fháinne paráide beidh Daragh Ó Conchúir agus Meghann Scully ag meascadh leis na húinéirí, traenálaithe, marcaigh agus gealltóirí ar fad agus is cosúil go mbeidh seachtain eile den scoth i ndán dúinn sa Ríocht.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.