Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go mbeidh siad ag cur níos mó clúdaigh ar spórt na mban ar fáil. Sna laethanta agus seachtainí amach romhainn, déanfaidh TG4 craoladh agus sruthú beo ar 80 uair an chloig de Pheil na mBan, Rugbaí na mBan, Sacar na mBan agus Rothaíocht na mBan. Beidh an clúdach seo ar fad saor go haer.
Tour de France na mBan Beo
Cuireadh tús le Tour de France na mBan Dé Domhnaigh, Iúil 23, agus beidh sé ar siúl ar feadh seachtain iomlán. Tá clúdach beo chomh maith le buaicphointí laethúla ar fáil ar TG4 faoi láthair agus leanfar leis sin go dtí Iúil 30.
Peil na mBan Beo
Tá mórtas ar TG4 a bheith ina urraitheoir craolacháin ar Craobhchomórtas bliantúil na hÉireann i bPeil na mBan. Beidh gach cluiche atá fanta i gcomórtas na Sóisear, sa chomórtas Idirmheánach agus i gcomórtas na Sinsear le feiceáil ar Pheil na mBan Beo. Dé Sathairn, Iúil 29, a bheidh cluichí leathcheannais na Sinsear ar siúl. Beidh na trí chluiche ceannais Uile-Éireann TG4 Sóisear, Idirmheánach agus Sinsear ar siúl ar Lúnasa 13 i bPáirc an Chrócaigh agus beidh clúdach beo iomlán ar TG4.
Ceiliúradh Pheil na mBan
Craolfar clár speisialta, Ceiliúradh Pheil na mBan, freisin ar oíche an chluiche ceannais Dé Sathairn, Lúnasa 12.
Cluiche Ceannais na hÉireann i bPeil na mBan sna Mionúir
Beidh Cluiche Ceannais na hÉireann i bPeil na mBan sna Mionúir le feiceáil freisin ar leathanach YouTube Spórt TG4 ar Lúnasa 5.
Rugbaí na mBan
Sa Rugbaí, cuirfear tús le Craobhchomórtas Idirchúige Vodafone na mBan Dé Sathairn, Lúnasa 12, agus beidh dhá chluiche ar siúl gach deireadh seachtaine agus is ar Meán Fómhair 2 a bheidh an cluiche ceannais ar siúl. Craolfar na 8 gcluiche ar fad beo ar Rugbaí na mBan Beo.
Sacar na mBan Beo
Fad is a bheidh Foireann Náisiúnta Sacair Ban na hÉireann san iomaíocht i gCorn an Domhain, beidh sacar na mban sa bhaile faoi bhláth ar TG4. Cuirfear tús arís le Sacar na mBan Beo ar Lúnasa 19, thart ar an am céanna a bheidh Cluiche Ceannais Chorn an Domhain ar siúl, agus beidh sé ar siúl go dtí Samhain 11. Taispeánfaidh TG4 na 8 mbabhta dheireanacha i bPríomhroinn FAI na mBan sa tSraith Náisiúnta atá thar a bheith iomaíoch.
Underdogs
Díreofar den chéad uair riamh sa tsraith mór le rá, Underdogs, ar shacar na mban. Roghnóidh painéal sainchóitseálaithe, Méabh de Búrca, Charlie McGeever agus Laura Donovan ina measc, na himreoirí agus traenálfaidh an painéal iad. Sé eipeasóid a bheidh sa tsraith Underdogs a bheidh á craoladh ón 26 Deireadh Fómhair go dtí Samhain 30, agus beidh cluiche beo in aghaidh na foirne is fearr i sraith na hÉireann ar siúl ar Nollaig 2.
Dúirt Cathaoirleach Bhord TG4, Anna Ní Ghallachair: “Is ceann de spriocanna straitéis reatha TG4 é spóirt de chuid na hÉireann a bhfuil gannionadaíocht orthu a chur chun cinn. Is ceannródaithe muid cheana féin i dtaobh spórt na mban a chraoladh agus is údar sásaimh agus mórtais don Bhord é go mbeidh an stáisiún ag cur go mór lena chlúdach ar an réimse tábhachtach seo i saol na mban sna seachtainí amach romhainn.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.