Search

06 Sep 2025

Deireadh seachtaine do chéad scoth sna méilte le Comórtas Péile na Gaeltachta

Deireadh seachtaine do chéad scoth sna méilte le Comórtas Péile na Gaeltachta

Bhí deireadh seachtaine ar dóigh sna méilte i dTir Chonaill le linn deireadh seachtaine Comórtas Péile na Gaeltachta. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus is beag scamall a bhí sa spéir agus fir agus mná na Gaeltachta i mbun iomaíochta ar thaillte glása na Rossan agus Gaoth Dobhair lena dtaobh. 

Fir Bhulf Tón, Contae na Mí, a bhain Craobh Shinsir Comórtas Peile na Gaeltachta i ndiaidh taobh Naomh Conaill, Dún na nGall, a shárú sa chluiche ceannais leis an scór, i ndiaidh am breise, 2-7 in aghaidh 0-12. 

Lá speisialta a bhí ann dó an chúl baire, Ciarán Ó Gallachóir as CLG Cloich Cheannfhaola, de bhunadh Ghaoth Dobhair, agus é in iomáiocht lena mhuintir féin.  

Is beag a bhí idir Cill Chomáin, Mhaigh Eo agus Gaoth Dobhair, Dún na nGall,  i gCluiche Ceannais Chraobh Shóisir na bhFear. Sé Derek Moran ó fhoireann Chill Chomáin a thug an lámh in uachtar do fhoireann Chill Chomáin, scoráil sé ceithre phointe le linn an cluiche. Sé an scór deiridh a bhí sa chluiche nó Cill Chomain 0-14 in aghaidh Gaoth Dobhair 1-8. 

I gcluiche Ceannais na mBan bhí an lá le foireann an Tearmann agus iad chun tosaigh go luath sa chluiche. Bhí sar-imirt ar bun ag mná an Tearmainn in aghaidh Mhaigh Cuilinn na Gaillimhe. Is í Ciara McGarvey a d’aimsigh an chéad cúl sa chluiche a thug fíor thosaíocht don Tearmann. Chonacthas gur laoch i Geraldine McLaughlin a d’imir le fuinneamh agus paisean go deireadh an chluiche agus 4 chúl agus ceithre phointe sa mhála aici. 

Is beag seans a bhí ag Maigh Cuilinn in aghaidh mná an Tearmann ach bhí go leor imreoirí maithe ar lár acu ag an deireadh seachtaine agus is cinnte gur chothaigh seo go leor deacaireachtaí agus iad ar an phairc.  

I gCraobh Shoisir na mBan, d’éirigh leis an Clochán Liath an cheann is fearr a fháil ar mhná Mhicheál Breathnach. Is cinnte gur fhoir sé dó Katie Wallace agus Saskia Boyle a bheith ag imirt sa bhaile agus cúl faighte acu beirt go luath lastigh don chéad leath. An scór deiridh sa chluiche sin CLG An Clochán Liath: 4-20 CLG Micheál Breathnach: 1-9

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.