Search

06 Sep 2025

Seoladh Comórtas Peile na Gaeltachta 2023 i bPáirc an Chrócaigh

Is é an 52ú Comórtas Peile na Gaeltachta a bheidh ar siúl i mbliana agus beidh níos mó cluichí ná riamh á gcraoladh ag urraitheoirí an chomórtais, TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta

Seoladh Comórtas Peile na Gaeltachta 2023 i bPáirc an Chrócaigh

Comórtas Péile na Gaeltachta

Seoladh Comórtas Peile na Gaeltachta 2023 i bPáirc an Chrócaigh inné, Deardaoin. Beidh comórtais na bliana seo ar siúl i nGaeltacht na Rosann i nDún na nGall idir 2 agus 5 Meitheamh agus beidh siad a reáchtáil ag CLG Naomh Muire.

Is é an 52ú Comórtas Peile na Gaeltachta a bheidh ar siúl i mbliana agus beidh níos mó cluichí ná riamh á gcraoladh ag urraitheoirí an chomórtais, TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá Seán Ó hEarcáin, Cathaoirleach Chomórtas Peile na Gaeltachta, ag súil go mór le comórtais na bliana seo agus leis an teacht le chéile agus an ceiliúradh mór ar an bpeil agus ar an nGaeilge atá amach romhainn.

"Tá muid ag súil go mór le Comórtas Peile na Gaeltachta agus le gach duine a fheiceáil sna Méilte i dTír Chonaill an tseachtain seo chugainn. Guíonn muid gach rath ar CLG Naomh Muire agus iad ag eagrú chomórtais na bliana seo. Ábhar bróid go mbeidh clubanna as na seacht gcontae Ghaeltachta páirteach ann chomh maith le clubanna lán-Ghaeilge as Béal Feirste agus as Áth Cliath. 

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenar gcuid urraitheoirí, TG4 agus Raidió na Gaeltachta, a bheidh ag craoladh na gcluichí ó mhaidin go hoíche le linn na gcomórtas."

Dúirt Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, Gráinne McElwain: "Tá áit ar leith ag Comórtas Peile na Gaeltachta ar fhéilire CLG gach bliain agus tá mé cinnte go mbainfidh na foirne uilig a bheidh ag glacadh páirte ann, chomh maith lena lucht leanta, ardtaitneamh as agus go mbeidh féasta peile ann le linn dheireadh seachtaine na cincise.

"Tugann an comórtas seo deis do phobail Ghaeltachta, chomh maith le clubanna eile a fheidhmíonn go hiomlán trí Ghaeilge, teacht le chéile agus gabháil san iomaíocht le haghaidh bonn uile-Éireann. Is í an Ghaeilge a dhéanann an comórtas seo difriúil ó chomórtais eile, dar ndóigh.

"Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar CLG Naomh Muire, fosta. Tuigim an obair mhór a bhíonn i gceist lena leithéid a eagrú tríd an obair a rinne mo chlub féin, Naomh Anna Leitir Móir, anuraidh ag iad ag reáchtáil an chomórtais. Go n-éirí an t-ádh leo uilig."

Bunaíodh Comórtas Peile na Gaeltachta thiar sa bhliain 1969 agus d’aidhm aige lucht labhartha na Gaeilge ó chlubanna ar fud na gceantar Gaeltachta a thabhairt le chéile. Le linn na mblianta sin, d’imir plúr na bpeileadóirí ag an gcomórtas. I measc cuid acu sin bhí muintir Uí Shé agus Dara Ó Cinnéide ó Chumann Caide na Gaeltachta, Ciarraí, Seán Ó Domhnaill ó CLG na Ceathrún Rua, Caoimhín Ó Casaide ó Ghaoth Dobhair, Nollaig Ó Laoire ó Chill na Martra, Graham Geraghty na Mí agus Micheál Ó Cróinín Naomh Abán agus go leor leor eile nach iad.


Na foirne a bheidh ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta 2023:

Comórtas Sóisir na mBan: Cill tSéadhna (Maigh Eo), Laochra Loch Lao (Aontroim), Micheál Breathnach (Gaillmh), Bhulf Tón (An Mhí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), An Clochán Liath (Dún na nGall), Naomh Muire (Dún na nGall)

Comórtas Sinsir na mBan: Clann na nGael (An Mhí), Maigh Cuilinn (Gaillimh), An Tearmann (Dún na nGall), Cill Chomáin (Maigh Eo)

Comórtas Sóisir na bhFear: Gaoth Dobhair (Dún na nGall), Gaeil Fhánada (Dún na nGall), Clann na nGael (An Mhí), Lios Póil (Ciarraí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Cárna Caiseal (Gaillimh), An Clochán Liath (Dún na nGall), Cill Chomáin (Maigh Eo), Laochra Loch Lao (Aontroim), Naomh Muire (Dún na nGall)

Comórtas Sinsir na bhFear: Naomh Conaill (Dún na nGall), Béal Átha an Ghaorthaidh (Corcaigh), Bhulf Tón (An Mhí), An Rinn (Port Láirge), An Ghaeltacht (Ciarraí), Béal an Mhuirthead (Maigh Eo), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh), Cill na Martra (Corcaigh)

Raidió na Gaeltachta – Beo ar an raidió, ar líne agus ar an aip ar fud an domhain

ó 11.00am Dé Sathairn, 3 Meitheamh

ó 11.45am Dé Domhnaigh, 4 Meitheamh

ó 10.00am De Luain, 5 Meitheamh

TG4

Dé Sathairn, 3 Meitheamh    -   Ionad: Páirc CLG Naomh Muire, Na Méilte

11:00       Sóisear na bhFear – Reamhbhabtaí, Clann na nGael v Lios Póil, Beo ar YouTube Spórt TG4


13:00      Cluiche Ceathrú Ceannais na bhFear – Sinsir, Naomh Conaill v Béal Átha Ghaorthaidh, Beo ar YouTube Spórt TG4


15:00      Cluiche Ceathrú Ceannais na bhFear – Sóisir, Cill Chomáin v Laochra Loch Lao, Beo ar YouTube Spórt TG4


17:00      Cluiche Ceathrú Ceannais na bhFear – Sinsir, Naomh Anna Leitir Móir v Cill na Martra, Beo ar YouTube Spórt TG4


19:00      Cluiche Ceathrú Ceannais na bhFear – Sóisir, Buaiteoirí 2 v Buaiteoirí 3, Beo ar YouTube Spórt TG4

                                                              

Dé Domhnaigh, 4 Meitheamh-   Ionad: Páirc CLG Naomh Muire, Na Méilte

11:45       Cluiche Leathcheannais na mBan – Sóisir, Naomh Muire v Buaiteoirí 3, Beo ar YouTube Spórt TG4


13:45       Cluiche Leathcheannais na mBan – Sinsir, An Tearmann v Cill Chomáin, Beo ar YouTube Spórt TG4


15:45       Cluiche Leathcheannais na bhFear – Sóisir, Naomh Muire v Buaiteoirí B, Beo ar YouTube Spórt TG4


17:45       Cluiche Leathcheannais na bhFear – Sinsir, Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4 ar fud an domhain / Aip TG4


19:30       Cluiche Leathcheannais na bhFear – Sinsir, Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4 ar fud an domhain / Aip TG4

Dé Luain, 5 Meitheamh-   Ionad: Páirc CLG Naomh Muire, Na Méilte

10.00    Cluiche Ceannais na mBan – Sóisir, Beo ar YouTube Spórt TG4


12.00    Cluiche Ceannais na mBan – Sinsir, Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4 ar fud an domhain / Aip TG4


14.00    Cluiche Ceannais na bhFear – Sóisir, Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4 ar fud an domhain / Aip TG4


16.00    Cluiche Ceannais na bhFear – Sinsir, Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4 ar fud an domhain / Aip TG4

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.