Téann clár faisnéise úr de chuid BBC Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den fháinne le dornálaí Feirsteach Seán McComb atá ag teacht chun cinn agus é sa tóir ar chraobh proifisiúnta dornálaíochta.
Leanann CIOTÓG aistear Sheáin thar tréimhse trí bliana. Tá idir bhuaicphointí agus ísealphointí san fháinne aige agus tagann athruithe ollmhóra ar a shaol pearsanta fosta.
Faigheann an scannán seo léargas ar leith ar réim dhian traenála Sheáin agus súil ar an aicsean roimh, i rith agus i ndiaidh troda. Leanann an clár Seán agus é ag traenáil i nGlaschú lena chomhdhornálaithe Tyrone McKenna, Tyrone McCullough agus Paddy Barnes, agus téann muid leis agus é ag siúl an achair ghearr óna theach in iarthar Bhéal Feirste go dtí Páirc na bhFál agus comórtas mór dornálaíochta atá mar chuid de Féile an Phobail.
Chomh maith le cluinstin ó Sheán féin, caitheann an clár am lena fiancée Dearbhlá, lena theaghlach, lena chairde agus lena chomhdhornálaithe, le pictiúir iomlán a chruthú den fhear taobh thiar de na miotóga agus é ar a aistear ó laoch dornálaíochta amaitéaraí áitiúil go hiomaitheoir proifisiúnta craoibhe.
DoubleBand Films a rinne an clár do BBC Gaeilge agus do TG4, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann. Tá CIOTÓG ar fáil ar BBC iPlayer agus ar BBC Two Northern Ireland ón Domhnach an Feabhra 26 ar
10in.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.