Search

06 Sep 2025

Scéal beirt fhear a imríonn sacar tábla thárt timpeall an domhan le craoladh ar an teilifís

Oisín Mac Eo agus Brendan Rogers ag imirt i gCorn an Domhain

Scéal beirt fhear a imríonn sacar tábla thárt timpeall an domhan le craoladh ar an teilifís

Oisín Mac Eo agus Brendan Rogers

Ní féidir ach le fíorbheagán daoine a bheith ag brionglóidí faoi gheansaí na tíre a chaitheamh agus imirt i gCorn Domhanda. A fhad is a bhí foirne agus lucht leanúna ag tarraingt ar Qatar anuraidh, rinne grúpa cairde a n-éide a phacáil, chuir siad a n-imreoirí go sábháilte sna cásanna agus thug siad aghaidh ar an Iodáil.

Leanann clár úr de chuid BBC Gaeilge, Flic Saor, grúpa imreoirí Subbuteo agus iad ag déanamh ionadaíochta d’fhoirne Thuaisceart Éireann agus Phoblacht na hÉireann agus iad ag ullmhú le páirt a ghlacadh i gCorn Domhanda Sacar Tábla sa Róimh.

Ach ní ar mhaithe leis an bhua a ghlacann siad páirt. Is ar mhaithe le cairdeas a chruthú a mbíonn na fir ag imirt an chluiche sacar tábla, chomh maith le spórt agus le caitheamh aimsire a n-óige a chaomhnú.  

Léirithe ag Clean Slate Television do BBC Gaeilge, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, beidh Flic Saor le fáil ar BBC iPlayer agus ar BBC Two Northern Ireland ón 6 Feabhra ag 10in.

Leanann an clár beirt bhall d’fhoireann Phoblacht na hÉireann, Oisín Mac Eo agus Brendan Rogers de réir mar a chleachtann siad a gcuid scileanna roimh a n-aistear chun na hIodáile. Níl foireann Sacar Tábla na hÉireann rangaithe i measc na bhfoirne is fearr ar domhan agus is caitheamh aimsire atá i gceist do na baill foirne. Beidh siad ag imirt in éadan cuid de na himreoirí proifisiúnta is rathúla ag an Chorn Domhanda agus ag dul san iomaíocht le tíortha a mbíonn comórtais iontu lena bhfoirne náisiúnta a roghnú.

Níl ach tuairim is fiche duine ar oileán na hÉireann a imríonn an cluiche go rialta agus is minic a bhíonn Oisín, atá ar fhoireann Phoblacht na hÉireann, ag cleachtadh le himreoirí ó fhoireann Thuaisceart Éireann. Is mó don chomrádaíocht ná don chomórtas gur ann do na clubanna. D’imir Brendan agus Oisín beirt sacar tábla agus iad óg, agus cé gur éirigh siad as an imirt, tháinig siad ar ais chuige blianta níos moille. Nuair a bhí an cluiche athaimsithe acu mar dhaoine fásta, bhuail siad le grúpa cairde úrnua. Míníonn siad a thábhachtaí is atá an cluiche dóibh nuair a bhuaileann muid leo. 

Anois, tá an traenáil déanta, tá na figiúirí péinteáilte agus tá an t-am le bheith ag plé teaicticí thart. Tá an leagan amach proifisiúnta sa Róimh iomlán difriúil ó na ceithre thábla i gcúlseomra thábhairne a bhfuil taithí ag na himreoirí áitiúla acu air, ach is ionann a ngrá don chluiche is cuma cad as a dtáinig tú.

Beidh Flic Saor ar BBC iPlayer agus ar BBC Two Northern Ireland ar an Luan, Feabhra 6, ag 10in.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.