Search

07 Sep 2025

Oibrithe dheonacha ó CLG Chloich Cheann Fhaola ag díol ticéid

'Ar scáth a chéile a mhaireann muid' - CLG Chloich Cheann Fhaola

Oibrithe dheonacha ó CLG Chloich Cheann Fhaola ag díol ticéid

Beidh foireann d'oibrithe dheonacha ó CLG Chloich Cheann Fhaola ag dul amach, Dé Domhnaigh, Eanáir 22, i solas lae le ticéidí a dhíol do Chrannchur Náisiúnta na gClubanna. 
An buntáiste is mó a bhaineann leis an chrannchur náisiúnta ná go bhfanann 100% den airgead sa phobal le cuidiú le fás agus forbairt imreoirí óga, na foirne sinsir agus Bord na mBan.

Cuideoidh an t-airgead seo le costaisí bus d'fhoirne faoi aois, treallamh le haghaidh traenáil, billí leighis agus cothabháil na páirce agus go leor rudaí eile.
Ní ghlacfar ach le hairgead tirim amháin, €10 le haghaidh ticéad amháin. Tá duaiseanna iontacha le baint, carr agus pacáistí do na cluichí Uile-Éireannacha i measc na bpríomhdhuaiseanna. Beidh tarraingt ann taobh istigh den chlub fosta agus beidh duaiseanna airgid ar bhfiú €1,000 le baint. 
Coinnigh súil amach do na díoltóirí idir 12 agus 3in ar an Domhnach, Eanáir 22. 

"Bheadh muid thar a bheith buíoch as bhur dtacaíocht a chuidíonn linne mar chlub dul ó neart go neart bliain i ndiaidh na bliana ó na foirne faoi aois go dtí foirne sinsir. Míle buíochas as bhur dtacaíocht leanúnach go dtí seo," a dúirt urlabhraí. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.