Search

06 Sep 2025

Réaltán Ní Leannáin agus Dubhán Ó Longáín i mbun ranga

Ar mhaith leat ceird na scríbhneoireachta a fhoghlaim?

Réaltán Ní Leannáin agus Dubhán Ó Longáín i mbun ranga

Ar suim leat fáil amach faoi cheird an scríbhneora nó fiú triall a bhaint as giota scríbhneoireachta? Beidh dhá cheardlann ar fáil Dé Sathairn, Bealtaine 6 - Réaltán Ní Leannáin agus Dubhán Ó Longáin.  

Beidh Réaltán i mbun oibre ar maidin le ceardlann próis agus beidh Dubhán Ó Longáin chun ceardlann fhilíochta a dhéanamh um thráthnóna.
As Béal Feirste ó dhúchas do Réaltán Ní Leannáin. Tá ceithre leabhar dá cuid féin i gcló aici, agus is Eagarthóir Liteartha í den díolaim Bláth na dTulach, díolaim a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin in Oireachtas na Gaeilge, 2022.

Bhí sí ina scríbhneoir cónaitheach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 2019 agus scríbhneoir cónaitheach UNESCO Bhaile Átha Cliath don bhliain 2021-2022.
Dúirt Réaltán: “Ní hionann scríobh ó do thaithí féin agus scríobh beathaisnéis. Beidh muid ag amharc ar an dóigh a n-athraíonn scríbhneoirí ón saol réadúil go ficsean. Cuirfear roinnt samplaí scríbhneoireachta os comhair an ranga chun plota, léiriú carachtair, cúlra agus eile a léamh agus a phlé. Scríobhfar píosa mar ghrúpa – scéal páiste a athscríobh i seánra do dhaoine fásta, nó a mhalairt, de réir mar a oireann."
Beidh deis ag rannpháirtithe próiseas na scríbhneoireachta a fhiosrú fosta, an tábhacht le hathdhréachtú, tús a chur le píosa nua nó pilleadh ar phíosa a scríobhadh cheana, amlíne oibre a dhréachtú, straitéis oibre a phleanáil, tacaíocht a aimsiú. Cuirfear leabharliosta gairid ar cheird na scríbhneoireachta ar fáil fosta.


File, scríbhneoir, taighdeoir, agus teagascóir Gaeilge é Dubhán Ó Longáin. Conallach é atá ag teagasc in Ollscoil Luimnigh agus a bhfuil PhD idir lámha aige in Ollscoil Uladh. An Fhiannaíocht is ábhar dá thaighde dochtúireachta agus is maith leis seanscéalta a athmhúnlú agus cor nua-aoiseach a chur iontu ina chuid scríbhneoireachta cruthaithí. Tá duaiseanna bainte amach aige mar gheall ar a dhánta ‘traidisiúnta’ agus ‘slam’ araon agus a chéad chnuasach, IDEO Locator, foilsithe ag Coiscéim. Rinne sé filíocht a aithris ag ócáidí éagsúla, Electric Picnic ina measc.
Ceardlann é seo a bheidh fóirsteanach do thosaitheoirí agus daoine a bhfuil píosaí scríofa acu cheana. Amharcfar ar achan ghné de scríobh na filíochta sa cheardlann seo, ó spreagadh, nó cad a ba chóir a dhéanamh nuair nach bhfuil sin ann, go scríobh, go heagarthóireacht.

Beidh seans ag na rannpháirtithe dánta/líne a scríobh agus an tuiscint atá acu ar an rud is filíocht ann a phlé. Cumfar dánta/línte filíochta ar dhóigheanna éagsúla agus pléifear tionchar thimpeallacht an scríbhneora mar aon leis an tionchar a imríonn ceol agus léitheoireacht ar an fhile.

 
Is féidir ceardlann amháin, nó an dá cheann a dhéanamh cibé rud a oireann do dhaoine. Costas €10 don lá iomlán agus beidh ort do chuid lón a cheannach nó a thabhairt leat ach beidh tae, caifé agus sólaistí ar fáil i rith an lae. 
Tá clárúchán riachtanach agus is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@lionralc.ie chun d'áit a chur in áirithe nó má tá ceist ar bith agat.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.