Search

06 Sep 2025

Sé ainmniúchán faighte ag cláracha agus scannáin TG4 do Fhéile na Meán Ceilteach

Tá an scannán An Cailín Ciúin ainmnithe do dhá ghradam

Sé ainmniúchán faighte ag cláracha agus scannáin TG4 do Fhéile na Meán Ceilteach

An Cailín Ciúin

Fógraíodh go bhfuil sé ainmniúchán fáighte ag cláracha/scannán TG4 i nGradaim bhliantúla Barr Feabhais Torc Fhéile na Meán Ceilteach. Tá an scannán An Cailín Ciúin ainmnithe do dhá ghradam, sin iad  Spiorad na Féile agus Dráma Aonair. 

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha.  Cuirtear iontrálacha sna duais -aicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. 

I mbliana beidh Féile na Meán Ceilteach ar bun ar an gClochán Liath i nDún na nGall ar 6-8 Meitheamh.

Is iad seo a leanas na hainmniúcháin atá fáighte ag cláracha/scannán TG4:  Spiorad na Féile agus Dráma Aonair – An Cailín Ciúin,  Clár Faisnéise: Seán Ó Riada Mo Sheanathair, Faisnéis Spóirt: Laochra Gael- Terence McNaughton,  Siamsaíocht Fhíorasach – Slí  na mBeaglaoich agus Gearr-Fhoirm: Láithreachais Cúla4 – Caitheamh Aimsire.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont: "Tá ríméad ar TG4 sé ainmniúchán a fháil ó Fhéile na Meán Ceilteach. Taispeánann na hainmniúcháin seo an raon clár atá ag TG4 atá léirithe ar ardchaighdeáin  don lucht féachana. Táimid ag tnúth go mór le féile na bliana seo i nDún na nGall lenár gcomhghleacaithe chun an chuid is fearr de na Meáin Cheilteacha a cheiliúradh." 

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.