D’fhógair an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan, céim nua den scéim tacaíochta don Gheilleagar Oíche chun tacú le hionaid cheoil bunaithe ar an bpobal
D’fhógair an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan, céim nua den scéim tacaíochta don Gheilleagar Oíche chun tacú le hionaid cheoil bunaithe ar an bpobal.
Forbraíodh an scéim i ndiaidh moladh sa Phlean Gníomhaíochta athbhreithnithe um Gheilleagar Oíche mar aitheantas ar an mhéid a chuireann ionaid ceoil pobail le tionscail an cheoil trí cheoltóirí atá ag teacht chun cinn a chothú, agus ar na dúshláin atá roimh na hionaid seo.
Tá ciste de €500,000 ar an iomlán leithdháilte ar an Scéim Tacaíochta Ionad Ceoil Pobail (GMVSS) a bhfuil mar aidhm aici tacú le hionaid bheaga sheanbhunaithe a chuireann iad féin chun cinn agus atá aitheanta sa phobal mar ionaid ceoil bheo nó ionaid damhsa, le taibhiú beo pobail mar chroílár dá gcláir imeachtaí.
Cuirfear maoiniú de suas le €15,000 ar fáil chun imeachtaí a reáchtáil ina léirítear tallann ealaíontóirí pobail atá ag teacht chun cinn, agus iad ag seinm ceol beo nó ceol leictreonach a scríobh nó a chruthaigh siad féin. Faoin scéim, ceanglaítear ar ionaid cinnte a dhéanamh go dtugtar pá do gach ealaíontóir agus saoroibrí criú. Is féidir le hionaid iarratas a dhéanamh i gcomhair maoiniú do chostais léiriúcháin agus criú, caidreamh poiblí, fógraíocht, ticéadú, trealamh a fháil ar cíos, foireann slándála a fhostú agus costais árachais imeachta.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi chritéir incháilitheachta agus costais incheadaithe, tabhair cuairt ar na treoirlínte don scéim anseo.
LÉIGH FREISIN: DEIMHNITHE: Beidh 40 cluiche ceannais craoibhe ar siúl ag CLG an samhradh seo agus GAA+ á sheoladh
Ag labhairt dó ag seoladh na scéime ag Cleary’s, An Caisleán Nua i gcontae Luimnigh dúirt an tAire Patrick O’Donovan: “Is cuid lárnach den saol ceoil in Éirinn iad ionaid ceoil pobail atá thar a bheith tábhachtach inár pobail. Ba mhaith liom tacú leis na hionaid seo ionas gur féidir leo deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí nua atá ag teacht chun cinn agus spásanna a thabhairt dóibh chun taibhiú a dhéanamh, a scileanna a fhorbairt agus a lucht leanúna a chothú.
"Tá cuid mhaith de na mórcheoltóirí a fheiceann muid inniu in airéiní móra a chuir tús lena ngairmeacha ag seinm in ionaid ceoil pobail, agus mar sin tá sé tábhachtach go dtacaíonn muid leis na hionaid seo chun gur féidir leo leanúint de bheith ag tabhairt na deiseanna riachtanacha seo do cheoltóirí agus DJanna.”
Forbraíodh an Scéim Tacaíochta Ionad Ceoil Pobail le comhairle ó ionadaithe ón Live Venue Collective, tionscal an cheoil pobail, Give Us The Night agus na Comhairleoirí Geilleagair Oíche.
Déanfar iarratais a mheas ar bhonn ‘tús freastail ar an cheann is túisce’.
Tá na treoirlínte don scéim nua ar fáil anseo.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.