Search

05 Sep 2025

Aip nua don Teilifíseán Cliste seolta ag Cúla4 do leanaí

Gealltar go gcuirfear ábhar féachana Gaeilge ar fáil atá bríomhar, mealltach agus ar ardchaighdeán

Aip nua don Teilifíseán Cliste seolta ag Cúla4 do leanaí

Tá Cúla4 le fáil ar ghairis mhóibíleacha Teilifíse anois agus is céim mhór chun cinn é seo i saol inrochtaineachta na Gaeilge don lucht féachana óg. 

Gealltar leis an aip nua seo go gcuirfear ábhar féachana Gaeilge ar fáil atá bríomhar, mealltach agus ar ardchaighdeán do leanaí 0-12 bliana d’aois mar aon leis an nGaeilge a chur chun cinn ar fud an domhain mhóir. Beidh an aip le fáil anois den chéad uair ar Fire TV (Amazon), Android TV (Google), agus ar ghairis de chuid Sony.  

Tá ríméad ar Cúla4 seoladh aip sheinnteoir nuachóirithe Cúla4 a fhógairt freisin, agus go bhfuil sí ar fáil anois ar ghairis mhóibíleacha.  

Cuirtear saibhreas d’ábhar tarraingteach ar fáil ar an aip fheabhsaithe saor in aisce seo a chuirfidh lúcháir, mar aon le hoideachas, ar an lucht féachana óg atá againn chomh maith le cláracha Gaeilge eisiacha a chur ar fáil dóibh.

Áirítear ar na Gnéithe Nua Breise den scoth atá curtha leis an aip:

  • Dearadh nua snasta.
  • Níos éasca teacht ar ábhar is féidir a íoslódáil.
  • Beifear ábalta cainéal líneach nua Cúla4 a shruthú beo (d’úsáideoirí in Éirinn).
  • Beifear ábalta próifíl a chruthú agus ábalta na seónna is ansa leis na páistí a mharcáil chun go mbeidh siad in ann an áit ar stop siad ag féachaint ar chlár a fháil go héasca arís.
  • Feidhmiúlacht chuardaigh fheabhsaithe chun go mbeidh eispéaras níos fearr ag an úsáideoir.

Is féidir aip Cúla4 a íoslódáil ón App Store do iPhone agus iPad. Beidh úsáideoirí Android ábalta teacht uirthi ar Google Play. Tá an aip do Theilifíseáin Chliste ar fáil anois ar Fire TV (Amazon), Android TV (Google), agus ar ghairis de chuid Sony.

Is éard a dúirt Bainisteoir Chainéal Cúla4, Karina Feirtéar: “Tá an-ríméad orainn aip Cúla4 do theilifíseáin chliste a sheoladh, aip a bheidh ina hardán tiomanta d’ábhar teilifíse Gaeilge do leanaí.  

"I saol an lae inniu, tá na bealaí a bhíonn daoine ag féachaint ar ábhar ag athrú go tapa agus tá sé ríthábhachtach go mbeimisne ag athrú freisin d’fhonn freastal ar an lucht féachana atá againn agus d’fhonn déanamh maith ar an ngealltanas atá tugtha againn an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn trí ábhar mealltach a chur ar fáil."

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.