Lyra McKee
Is ar an clár faisnéise Lyra a bronnadh an chéad duais sa chatagóir don Gné Fhaisnéis tráthnóna inniu ag gradaim Torc Fhéile na Meán Ceilteach sa siúl i gCaerdydd sa Bhreatain Bheag.
Léargas ar shaol agus ar bhás an iriseora iniúchta Lyra McKee as Tuaisceart Éireann, inste trína cuid oibre féin. Léirithe ag Erica Starling Productions Ltd.
Is í Féile na Meán Ceilteach ceann de na féilte is mó le rá agus is fadbhunaithe ar na hoileáin seo agus reáchtáiltear gach bliain í, á roinnt ar na hionaid sna náisiúin agus réigiúin éagsúla Cheilteacha.
Cónascann sí comhdháil trí lá do na meáin, a mheallann craoltóirí, léiritheoirí, na meáin chumarsáide agus mic léinn, le comórtas ar fud réimse iomlán de sheánraí ábhair Scannán, Teilifíse, Raidió agus na Meán nua.
Bíonn an-tóir go deo ar ghradaim Fhéile na Meán Ceilteach. Is i gCaerdydd na Breataine Bige atá Féile na bliana seo ar siúl. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo cardiff-2024 (celticmediafestival.co.uk).
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.