Search

06 Sep 2025

Seacht n-ainmniúchán faighte ag cláracha TG4 ag Gradaim Fhéile na Meán Ceilteach 2024

Beidh Féile na Meán Ceilteach ar siúl i gCaerdydd sa Bhreatain Bheag ón 4-6 Meitheamh i mbliana

Seacht n-ainmniúchán faighte ag cláracha TG4 ag Gradaim Fhéile na Meán Ceilteach 2024

Lyra McKee

Ainmníodh TG4 do sheacht ngradam ag Gradaim bhliantúla Barr Feabhais Torc Fhéile na Meán Ceilteach.  

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid giúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus cuirtear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. 

Is iad seo a leanas ainmniúcháin TG4: 

Meanapás: Meon Nua - Faisnéis Aonarach: Sa gclár faisnéise seo déanfaidh Gráinne Seoige iniúchadh ar mheanapás agus ar an gcaoi a gcaitear leis in Éirinn. Caithfidh sí súil ar na dúshláin a bhaineann leis agus buailfidh sí le mná timpeall na tíre le cluas a thabhairt dá gcuid scéalta. Mar chuid den chlár tabharfaidh Gráinne faoi fheachtas chun daoine a chur ar an eolas faoi chúrsaí meanapáis. Buailfidh sí le saineolaithe, polaiteoirí agus le mná na tíre chun an t-ábhar a phlé.

A person leaning against a fenceDescription automatically generated

Pic Gráinne Seoige - TG4

Lyra - Gné-Fhaisnéis: Léargas ar shaol agus ar bhás an iriseora iniúchta Lyra McKee as Tuaisceart Éireann, inste trína cuid oibre féin. Léirithe ag Erica Starling Productions Ltd.

A person standing next to a fenceDescription automatically generated

Pic: Lyra McKee

Misneach-Alex Lee - Faisnéis Spóirt: Is múinteoir Gaeilge agus Tíreolaíochta i nGaillimh é Alex a chuir tús lena aistear lúthchleasaíochta in 2018. Le sé bliana anuas d'fhoghlaim sé conas siúl, conas rith agus conas rás ráibe a rith. Tugtar léargas sa chlár faisnéise seo ar shaol Alex agus faoin gcaoi ar éirigh leis a bheith ar an gcéad bladerunner in Éirinn. Is scéal é seo faoi bheith dianseasmhach, faoi mhisneach a bheith agat faoi dhuine nach raibh sásta géilleadh do rud ar bith. Léirithe ag Midas Productions.

A person with prosthetic leg on a trackDescription automatically generated

Pic: Alex Lee

Reds na hÉireann - Stair: Clár faisnéise teilifíse ina scrúdaítear an cumannachas in Éirinn go dtí titim an Aontais Shóivéadaigh. Críochnóidh an clár le titim an Aontais Shóivéadaigh agus déanfar machnamh ar oidhreacht an chumannachais in Éirinn. Léirithe ag PushPull Media.

A red and white poster with two peopleDescription automatically generated

Pic: Reds na hÉireann 

Fleadh Beo 2023 - Clár Ceoil Bheo: Bhí neart craic agus ceol ag teacht beo ó Mhuileann gCearr d'Fhleadh Cheoil na hÉireann 2023 agus bhí daoine mór le rá chomh maith le seaimpíní nua na hÉireann le feiceáil ceithre oíche i ndiaidh a chéile. Léirithe ag Power Pictures. 

A group of people posing for a photoDescription automatically generated

Pic: Presenters Fleadh Beo

M’Ainm Mo Scéal - Cláir do Dhaoine Óga: Sraith do pháistí ina bhfiosróidh siad an chiall atá lena gcuid ainmneacha agus na scéalta a bhaineann leo. Léirithe ag Ronin Films.

A person with a dinosaur headDescription automatically generated

Éire Eile: Gearr-Fhoirm - Sraith faisnéise arna cur i láthair ag Cóilí Collins, nó Shampain mar is fearr aithne air, ina bhfiosraítear na fochultúir éagsúla a thaitníonn le dream óg na hÉireann. Léirithe ag Black Gate Productions (Tra Gheall Limited).

A person with yellow hairDescription automatically generated

Pic Cóilí Collins aka Shampain

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, "Tá ríméad ar TG4 seacht n-ainmniúchán a fháil ó Fhéile na Meán Ceilteach. Taispeánann na hainmniúcháin seo an raon clár atá ag TG4 atá léirithe ar ardchaighdeán don lucht féachana. Táimid ag tnúth go mór le féile na bliana seo i gCaredydd sa Bhreatain Bheag lenár gcomhghleacaithe chun an chuid is fearr de na Meáin Cheilteacha a cheiliúradh."

Beidh Féile na Meán Ceilteach ar siúl i gCaerdydd sa Bhreatain Bheag ón 4-6 Meitheamh i mbliana.  

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.