PICTIÚR: Facebook/Dancing With The Stars
Ar an gcéad Dancing With The Stars a reáchtálfar ar Lá Fhéile Pádraig gan dabht feicfidh muid go leor glas agus líon mór réalta ag filleadh ar ár scáileáin.
Beidh deireadh le comórtas rince móréilimh RTÉ na bliana seo ar siúl Dé Domhnaigh seo, 17 Márta ó 6:30in ar RTÉ One.
Tá iar-iomaitheoirí ar nós an fear grinn Bernard O’Shea, an craoltóir spóirt Marty Morrisey, agus láithreoir 2fm Lottie Ryan, réidh le filleadh ar ár scáileáin teilifíse.
Chomh maith leis sin ag filleadh ar an seó tá an cruthaitheoir smidiú Suzanne Jackson, láithreoir teilifíse agus raidió Brian Dowling, Parailimpeach Ellen Keane agus an t-aisteoir Fair City, Ryan Andrews.
Beidh léiriú iontach ó Riverdance ar taispeáint freisin.
Déanfaidh na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais dhá dhamhsa ansin. Is iad na moltóirí a roghnóidh an chéad cheann.
Mar fhocal scoir, beidh na lánúineacha go léir ó shéasúr na bliana seo ag casadh i ngrúpa damhsa deiridh go hamhrán móréilimh, Murder on the Dancefloor le Sophie Ellis-Bextor.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.