Manchán Magan
Is sraith faisnéise nua 6 chlár atá i gceist le Ag Triall ar an Tobar ina ndéantar iniúchadh mion ar an miotaseolaíocht agus ar na finscéalta a bhaineann le toibreacha beannaithe na hÉireann agus ina bhfiosraítear an chúis a bhfuil na tírdhreacha teiripeacha seo fós tábhachtach i saol an lae inniu?
I ngach clár, aimsíonn an láithreoir, Manchán Magan, toibreacha beannaithe a bhí ina n-áiteanna adhartha agus paidreacha ar feadh na gcéadta bliain agus a dtugann na daoine siúd atá ag lorg compoird agus síochána cuairt orthu fós sa lá atá inniu ann.
Cá as ar tháinig na deasghnátha seo agus cé hiad na daoine atá ag coinneáil na dtraidisiún seo beo?
Ar tháinig tú trasna ar thobar beannaithe riamh agus ar smaoinigh tú cé eile a shiúil an cosán sin? Maíonn Suirbhéireacht Ordanáis Éireann go raibh suas agus anuas le 3,000 tobar beannaithe in Éirinn – níos mó ná aon tíre eile ar domhan.
Is leagan amach nua atá sa tsraith 6 chlár seo ina gcuirtear tús le cíoradh a dhéanamh ar na nósanna Críostaíochta agus Págánta le taifead stairiúil agus eolas áitiúil le sinn a thabhairt ar thuras trí roinnt d’áiteanna beannaithe na hÉireann nár nochtadh fós.
Rachaidh an láithreoir, Manchán Magan, siar sa stair chun na rúin a bhí faoi cheilt faoi na huiscí seo a nochtadh. Labhróidh sé faoi na nósanna a bhíodh á gcleachtadh ag cuairteoirí chun na toibreacha, ó ribíní a cheangal ar chrainn in aice láimhe go dtí a bheith ag dul timpeall ar na toibreacha ar deiseal trí huaire.
Tabharfaidh sé liosta freisin de na tinnis a d’fhéadfadh a bheith ag cur as do dhaoine agus a mbeadh faoiseamh agus cóireáil a fáil acu ó uiscí an tobair bheannaithe. D’fhéadfadh sé go n-áireodh na tinnis seo leigheas do thréad bó nó leigheas do néaltrú agus dépholach.
Tá gach tinneas chomh ábhartha céanna sa lá atá inniu ann is a bhí siad an uair sin.
Déanfar mionscagadh i ngach clár sa tsraith ar théama, a nochtfaidh scéalta, deasghnátha agus creideamh uathúil a bhaineann leis an tobar beannaithe. Ó scéalta maidir leis na naoimh agus leis na sióga go cleachtais leighis ársa agus oilithreachtaí an lae inniu, tabharfar an lucht féachana isteach i saol ina bhfuil an spioradáltacht, an béaloideas agus an nádúr fite fuaite le chéile.
Féachfaidh Manchán Magan níos doimhne ar thábhacht sheasmhach na láithreacha beannaithe seo i sochaí an lae inniu. Scrúdóidh sé an chúis go bhfuil áit ar leith ag na háiteanna seo i gcroí mhuintir na hÉireann.
Tá ról uathúil ag na toibreacha beannaithe in Éirinn mar shiombail ar chultúr na hÉireann agus ar an gceangal leis an timpeallacht nádúrtha. Téann na toibreacha beannaithe siar roimh ré na Críostaíochta, agus de ghnáth bhíodh na toibreacha tiomnaithe do Naoimh, mar atá amhlaidh i gcónaí ar nós Naomh Bríd, Naomh Pádraig agus Naomh Colm Cille, tá fianaise shoiléir ann gur láithreacha págánta bhí iontu an chéad lá riamh.
San áit a bhféadfadh íobairtí págánta a bheith ar siúil uair amháin, sa lá atá inniu ann d’fhéadfadh brídeog a bheith ag lorg ádh san uisce nó d’fhéadfadh duine éigin a theacht ar lorg leigheas ar thinneas a bhfuil géarghá leis. Tá a gcuid naomh, finscéalta agus a leigheas féin ag gach aon cheann acu, bhíodh na toibreacha beannaithe seo ina láithreacha rúnda adhartha agus paidreacha leis na céadta bliain agus tugann na daoine siúd atá ag lorg leigheas míorúilteach atá sna huiscí cuairt orthu fós sa lá atá inniu ann.
Feidhmíonn gach tobar beannaithe ar tugadh cuairt orthu mar bhealach isteach sa nádúr agus sa Saol Eile.
Dúirt Manchán: "Sa tsraith seo, níor thugamar cuairt ach ar 1% de na toibreacha beannaithe in Éirinn. Agus gan iarrachtaí móra ón bpobal is mó seans go mbeadh na háiteanna seo imithe. Tá an obair atá ar siúl ar bhailiú agus ar chaomhnú ár gcultúir dochreidte. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimid taifeadadh ar gach mionsonra maidir leis na toibreacha seo ar mhaithe lena gcoinneáil don chéad ghlúin eile. Ní beagán oibre atá i gceist ar chor ar bith - is dúshlán atá ann."
Beidh an sraith ar TG4 gach Déardaoin ag 8in ón 14 Márta.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.