Search

06 Sep 2025

Foilsíodh Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus do na Romaigh 2024 – 2030

Foilsíodh Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus do na Romaigh 2024 – 2030

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman TD agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Patrick O’Donovan TD foilsiú na Straitéise Oideachais don Lucht Siúil agus na Romaigh (SOLSR).

Is príomhghníomh í an Straitéis faoin Straitéis Náisiúnta maidir le hIonchuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach 2024-2030 (SNITR II) agus is gealltanas í freisin i gClár an Rialtas.

Forbraíodh í go sonrach chun freastal ar riachtanais leanaí, daoine óga agus daoine fásta an Lucht Siúil agus na Romach agus é mar aidhm a gcuid oideachais agus torthaí a fheabhsú. 

Faoin gcéad phlean cur chun feidhme dhá bhliain don straitéis, ceapfar dhá chomhordaitheoir náisiúnta don Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus na Romaigh chun tacú le cur i bhfeidhm na ngníomhartha laistigh den Straitéis, mar aon le comhordaitheoir náisiúnta lánaimseartha breise chun Tacú leis an Lucht Siúil agus na Romaigh (TLSR).

Ceapfar Oibrithe Nasc Teaghlaigh freisin chun tacú le rolladh amach iomlán Chlár Tacaíochta Tuismitheoireachta an Lucht Siúil ag Tusla.

Áirítear i measc na bpríomhghníomhartha eile atá leagtha amach sa phlean:  

  • Cur le líon na ndaoine óga a fhanann ar scoil go dtí an 6ú bliain agus a ghnóthaíonn Ardteistiméireacht
  • Oiliúint ar chuimsiú agus éagsúlacht a chur chun cinn trí fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí, oiliúint inniúlachta cultúrtha níos spriocdhírithe a fhorbairt
  • Éagsúlacht a chur chun cinn i lucht saothair na hearnála oideachais
  • Cultúr agus stair an Lucht Siúil a mhúineadh tríd an gcuraclam
  • Sraith faisnéise a thabhairt isteach ar phríomhghnóthaí agus polasaithe oideachais mar a bhaineann siad le leanaí agus daoine óga an Lucht Siúil agus na Romach, a bhfuil fáil orthu agus atá ar fáil i roinnt teangacha
  • Tríd an tsamhail luathfhoghlama agus cúram leanaí Tús Cothrom:
    • A chinntiú go nglacann gach leanbh den Lucht Siúil agus na Romach páirt sa chlár COLÓ
    • Fáiltiú roimh theaghlaigh an Lucht Siúil agus na Romach agus iad a chur san áireamh sa luathfhoghlaim agus cúram leanaí
    • A chinntiú go bhfuil oiliúint agus acmhainní san éagsúlacht agus sa chuimsiú ag gach oideachasóir luathbhlianta agus ag cleachtóirí aois scoile
    • Tacaíochtaí breise a thairiscint do sheirbhísí spriocdhírithe
  • A chinntiú go mbíonn eispéireas dearfach agus fáiltiúil ag mic léinn a mbíonn oideachas tríú leibhéal á fháil acu
  • Deiseanna foghlama solúbtha agus freagrúla a sholáthar
  • Campais ardoideachais atá sábháilte agus cuimsitheach a chruthú
  • Trí thaighde, bacainní ar rochtain ar oideachas tríú leibhéal a aithint

Dúirt an tAire Foley: "Is rud dearfach é a thabhairt faoi deara go bhfuil méadú ag teacht le blianta beaga anuas ar líon na ndaoine óga den Lucht Siúil agus na Romach a chríochnaíonn an tSraith Shinsearach agus an Ardteistiméireacht. 

"Tá sé tábhachtach freisin, áfach, a admháil go bhfuil torthaí oideachais do leanaí agus do dhaoine óga an Lucht Siúil agus na Romach inár scoileanna níos ísle ná mar atá don chohórt scoláirí i gcoitinne.  

"Tá an rialtas seo tiomanta do fheasacht a threisiú agus do chur chun cinn an chuimsithe agus dul i ngleic le ciníochas ar fud an chórais oideachais. Tá sé tábhachtach go mbeidh córas oideachais againn ina mbíonn foghlaimeoirí de gach aois rannpháirteach go bríoch i dtimpeallacht dhearfach foghlama.

"Creidim go gcuirfidh cur i bhfeidhm na ngníomhartha i SOLSR go mór leis an obair atá á déanamh againn cheana féin chun a chinntiú go léirítear meas agus ómós ar gach leanbh agus duine óg a fhreastalaíonn ar ár scoileanna agus go dtugtar tacaíocht dóibh chun a lánacmhainneacht a bhaint amach agus chun a gcuid oideachais scoile a chríochnú go dtí an Ardteistiméireacht."

Bhí próiseas fairsing comhairliúcháin ann mar chúnamh chun an straitéis a fhorbairt, ina raibh comhoibriú ar fud na dtrí roinn rialtais agus le hionadaithe ó phobail agus eagraíochtaí an Lucht Siúil agus na Romach chun teacht ar thuairimí agus taithí leanaí an Lucht Siúil agus na Romach iad féin, teaghlaigh agus pobail an Lucht Siúil agus na Romach agus an earnáil oideachais.

Chun tuilleadh eolas a fháil agus chun an straitéis agus an plean forfheidhmithe a léamh, tabhair cuairt ar https://www.gov.ie/ga/comhairliuchan/straiteis-oideachais-do-phobal-an-lucht-siuil-agus-na-romach/

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.