ÚSÁID NA SAIGHDEÁIN CHUN FÉACHAINT AR A THUILLEADH PICTIÚIR
Bronnadh teastas rannpháirtíochta ar an dara cohórt den Mheitheal Mheantóireachta in Ollscoil na Banríona an tseachtain seo.
Is scéim oiliúna í an Mheitheal Mheantóireachta do dhaoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge nó daoine ar mhaith leo a bheith ag obair in earnáil na Gaeilge amach anseo.
Cuireadh tús leis an Mheitheal Mheantóireachta mar scéim phíolótach sa bhliain 2023 agus tá teastais rannpháirtíochta bronnta anois ar chohórt na bliana 2024.
Cuireann an scéim seo idir mhodúil phraiticiúla agus mhodúil theoiriciúla ar fáil agus is deis iontach é do na rannpháirtithe treoir agus tacaíocht a fháil don chéad chéim eile ina ngairm.
Tá an scéim á reáchtáil tríd an líonra pleanála teanga d’Iarthar Bhéal Feirste, Fís an Phobail, i gcomhpháirt le Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na Ríona.
Mar chuid den scéim seo, beidh cúrsa cruinnis Gaeilge á reáchtáil níos deireanaí sa bhliain. Sainchúrsa é seo do dhaoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge a bhfuil líofacht acu ach ar mhaith leo snas a chur ar a gcuid scileanna cumarsáide agus ardchumas cruinnis a bhaint amach.
Cúrsa deich seachtaine atá i gceist ag tosú i mí Mheán Fómhair. Is féidir le duine ar bith atá ag obair in earnáil na Gaeilge cur isteach ar an chúrsa.
Bhí Aodh Mac Murchaidh, as Deisceart Ard Mhacha, i measc na rannpháirtithe. Arsa Aodh: “Thaitin an cúrsa go mór liom. Ní amháin go raibh na modúlacha ábharach agus suimiúil ach bhí deis iontach agam bualadh le gníomhaithe Gaeilge eile ó fud fad na hÉireann.
“Chuir seo go mór leis an tuiscint atá agam ar na bunscileanna atá de dhíth le bheith ag obair in earnáil na Gaeilge agus chothaigh sé níos mó suime ionam bogadh sa treo seo nuair atá mo sheal san ollscoil thart. Tá níos mó muiníne agam de bharr an cúrsa seo agus tá mé iontach buíoch as Fís an Phobail, Roinn na Gaeilge san Ollscoil agus na múinteoirí iontacha a bhí againn le linn an chúrsa.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.