Search

06 Sep 2025

Maoiniú breis is €500,000 fógartha do thacaíocht agus forbairt Naíonraí

Is é an cás idéalach ná go mbeadh naíonra ar fáil i ngach ceantar ina bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge, ar a laghad, le leanúnachas sa chóras tumoideachais a bheith mar rogha

Maoiniú breis is €500,000 fógartha do thacaíocht agus forbairt Naíonraí

PICTURE: Pexels

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, maoiniú €529,547 in imeacht cúig bliana do scéim nua a fhéachann le seirbhís chuimsitheach tacaíochta agus forbartha a chur fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Beidh an scéim nua seo á riar ag Gaeloideachas. 

Aithnítear naíonraí mar bhunchloch an chórais tumoideachais in Éirinn. Lasmuigh den Ghaeltacht is minic iad a bheith mar an chéad teagmháil a bhíonn ag páistí leis an nGaeilge, agus i gcás páistí atá á dtógáil le Gaeilge, tá na naíonraí riachtanach le cinntiú go bhfaigheann siad luathoideachas ina dteanga dhúchais féin.

Is é an cás idéalach ná go mbeadh naíonra ar fáil i ngach ceantar ina bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge, ar a laghad, le leanúnachas sa chóras tumoideachais a bheith mar rogha ag gach páiste.

Tá titim shuntasach tagtha ar líon na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht le blianta beaga anuas, áfach, in ainneoin go bhfuil éileamh orthu. Tá sé mar aidhm ag an scéim nua seo aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo go díreach.

Is eagraíocht dheonach náisiúnta é Gaeloideachas a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge. Bunaíodh é mar Ghaelscoileanna in 1973 chun tacú le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Ó shin i leith, leathnaíodh ról na heagraíochta agus cuireann siad seirbhísí tacaíochta ar fáil anois do scoileanna Gaeltachta chomh maith.

Tugann Gaeloideachas comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge a chur ar a bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta dóibh siúd atá ag obair san earnáil. Is léir go bhfuil idir thaithí agus líonra ag Gaeloideachas i réimse an tumoideachais Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.