Tá sraith tuarascálacha foilsithe ag an Roinn Oideachais, ullmhaithe ag Sealbhú, an lárionad taighde in DCU, a bheidh mar bhonn eolais d'fhorbairt an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Cuimsíonn na tuarascálacha seo athbhreithniú ar litríocht idirnáisiúnta ar oideachas trí mheán mionteangacha, tuarascálacha ar na céimeanna éagsúla den chomhairliúchán poiblí a rinne an Roinn, agus sraith moltaí polasaí a eascraíonn astu.
Aithneofar aicsin sa pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chun na príomhchuspóirí seo a leanas a bhaint amach:
Choimisiúnaigh an Roinn an lár ionad taighde Sealbhú chun athbhreithniú a dhéanamh ar litríocht ar oideachas lán-Ghaeilge agus mionteanga chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an pholasaí. Sa chéad tuarascáil sa tsraith seo tá torthaí na dtaighdeoirí maidir le cleachtas éifeachtach i ndeich ndlínse éagsúla ina gcuirtear oideachas ar fáil trí mhionteangacha.
Léiríodh leibhéal suntasach spéise sa chomhairliúchán poiblí. Comhlánaíodh líon ard ceistneoirí, fuarthas aighneachtaí scríofa ó réimse leathan páirtithe leasmhara, agus bhí leibhéal ard rannpháirtíochta sna fócasghrúpaí éagsúla.
Ghabh an tAire Oideachas, Norma Foley TD, buíochas leo siúd a ghlac páirt sa chomhairliúchán agus d'fháiltigh sí, go háirithe, roimh ionchur na ndaltaí agus na scoláirí sa phróiseas forbartha polasaí.
"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don fhreagairt shuntasach a bhí againn ar an gcomhairliúchán a bheidh mar bhonn eolais d'fhorbairt an pholasaí tábhachtach seo don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá áthas ar leith orm gur ghlac an oiread sin daltaí agus scoláirí páirt sa phróiseas seo, tríd an ceistneoir ar líne agus trína rannpháirtíocht sna grúpaí fócais.
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh guthanna leanaí agus daoine óga san áireamh i bhforbairt polasaithe a mbeidh tionchar acu orthu, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daltaí agus na scoláirí, agus leis na múinteoirí a d'éascaigh an rannpháirtíocht sin."
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.