Search

06 Sep 2025

PICTIÚIR: Mic léinn ag miongháire agus iad ag buachan Chomórtas Iriseoirí an Lae Amárach

Roghnaíodh Gairmscoil Chú UIadh, Béal an Átha Móir, Co Dhún na nGall ina mbuaiteoirí ar Chomórtas Iriseoirí an Lae Amárach 2024

ÚSÁID NA SAIGHDEÁIN CHUN FÉACHAINT AR A THUILLEADH PICTIÚIR 

Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Iriseoirí an Lae Amárach 2024 ag searmanas bronnta in Óstán Chonamara, Na Forbacha, Gaillimh.

Tar éis do phainéal moltóirí breithiúnas a dhéanamh ar na hiarratais ar fad a tháinig isteach, roghnaíodh Gairmscoil Chú UIadh, Béal an Átha Móir, Co Dhún na nGall ina mbuaiteoirí ar Chomórtas Iriseoirí an Lae Amárach 2024. 

I measc na scoileanna eile a d’éirigh leo áit a bhaint amach ar an ghearrliosta don chomórtas i mbliana bhí Coláiste na Coiribe, Gaillimh; Coláiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh, Co Mhaigh Eo; Coláiste Mhuire, Cill na Mullach, Co Chorcaí agus Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath. 

Tá an comórtas dírithe ar scoláirí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus fógrófar na buaiteoirí ag ócáid speisialta i nGaillimh i mí na Bealtaine 2024. Ar an lá, bhí deis ag na scoláirí cuairt a thabhairt ar Champas Ollscoil na Gaillimhe, áit a bhfuair siad amach faoi na deiseanna atá ann staidéar a dhéanamh ar an iriseoireacht san Ollscoil.

Chomh maith leis sin, thug na scoláirí cuairt ar stiúideo nuachta TG4 agus bhí deis acu bualadh leis an fhoireann nuachta agus an obair a bhíonn ar siúl acu a fheiceáil.

Mar chuid den chomórtas chruthaigh na scoláirí, a bhí ag obair i ngrúpaí de cheathrar nó cúigear, mír nuachta uile-ardáin agus foilsíodh an mhír ar bhlag (m.sh Wordpress, blogger, Weebly, Edublog).

Chuir TG4 Foghlaim agus COGG acmhainní teagaisc agus foghlama ‘Iriseoirí an Lae Amárach’ ar fáil ar TG4 Foghlaim i mbliana agus bhí sin ina ábhar tacaíochta sa seomra ranga nuair a bhí daltaí ag ullmhú iarratas na scoile. Chláraigh níos mó ná 40 scoil chun úsáid a bhaint as na hacmhainní teagaisc seo.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont: “Tá an iriseoireacht Ghaeilge ina bunchloch lárnach i seirbhís TG4 agus molaim na daltaí seo as an iarracht a chur siad isteach sa chomórtas agus as an tsuim atá léirithe acu san iriseoireacht Ghaeilge.”

Agus í ag fáiltiú roimh Chomórtas Iriseoirí an Lae Amárach 2024, dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghusa, ‘Chuir an comórtas nua seo gairm na hiriseoireachta faoi bhráid scoláirí na n-iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus chuir sé ar an eolas iad faoi thábhacht iriseoireacht ar ardchaighdeán agus na deiseanna atá sna meáin d’iriseoirí a bhfuil Gaeilge acu.’

Dúirt Aodh Ó Coileáin, Léachtóir sna Meáin in Ollscoil na Gaillimhe: “Tá mé thar a bheith sásta gur thug an comórtas nua léargas do scoláirí Idirbhliana ar ról agus ar obair na meán agus go mb’fhéidir go spreagfadh sé cuid acu tabhairt faoi ghairmeacha sna meáin amach anseo.”  

Is féidir le scoileanna teacht ar na háiseanna ar: https://foghlaim.tg4.ie/tsraith_shoisearach

Comhghairdeas leis na scoláirí agus múinteoirí ar fad a bhí páirteach sa chomórtas in 2024. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.