Tá ríméad ar TG4 agus Macha Media sraith úr foghlama, Dúil sna Dánta, a fhoilsiú ar an ardán oideachais TG4 Foghlaim. Sraith úr 25 mír atá in Dúil sna Dánta a chlúdaíonn an fhilíocht ar fad atá ar shiollabas A2 na Gaeilge. Macha Media a léirigh Dúil sna Dánta agus maoiníodh an tsraith le tacaíocht ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge agus TG4.
Is sraith úr filíochta Gaeilge don Ardleibhéal (CCEA A2) agus don Ardteistiméireacht (NCCA) é Dúil sna Dánta. Is sraith anailíse agus aithrise filíochta é Dúil sna Dánta a chuideoidh le scoláirí agus iad mbun a gcuid staidéir ar na filí cáiliúla Gaeilge - Máirtín Ó Direáin, Seán Ó Ríordáin, Máire Mhac an tSaoi agus Cathal Ó Searcaigh ina measc.
Tugtar aird go straitéiseach ar eochairfhocail agus ar an anailís atá riachtanach chun dánta agus filíocht a thuiscint. Is féidir le scoláirí a bheith ag amharc ar na míreanna mar áis staidéir nó is féidir le múinteoirí na háiseanna a úsáid le tacaíocht a thabhairt sa seomra ranga mar aon le plé agus cumarsáid a spreagadh ar fhilíocht agus ar dhánta an Ardleibhéil agus na hArdtéistiméireachta.
Macha Media, a bhfuil taithí agus saineolas acu ag léiriú cláir oideachais ar ardchaighdeán, a bhí i mbun léirithe agus is é Fearghal Mag Uiginn, múinteoir agus craoltóir aitheanta, a scríobh an t-ábhar. Is seoid agus taisce luachmhar a bheidh in Dúil sna Dánta ag múinteoirí a spreagfaidh na scoláirí agus a chothóidh suim níos mó sna filí ársa agus dánta saibhre.
Mar aon le 12 de mhíreanna anailíse, tá 12 de mhíreanna ina bhfuil léamh déanta ag aisteoirí ag úsáid na canúna ina bhfuil na dánta scríofa. Anuas air sin, tá mír speisialta in Dúil sna Dánta ina mínítear an bealach chun anailís a dhéanamh ar an bhfilíocht.
Is iad Caitríona Nic an tSaoir agus Aimée Nic Chonaig, ar láithreoirí agus múinteoirí iad beirt, a chuirfidh an tsraith i láthair. Cuirfidh Dúil sna Dánta beocht i gcúrsa filíochta an Ardleibhéil agus na hArdteistiméireachta.
Dúirt Antaine Ó Donnaile ó Macha Media: "Rachaidh an tsraith seo go mór chun sochair do mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge don A Leibhéal chomh maith leo siúd atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge don Ardteistiméireacht. Tá na dánta sa tsraith sonraithe ar an gcuraclam A Leibhéal, agus beidh scoláirí ó dheas in ann iad a úsáid chomh maith don roinn ‘Filíocht Roghnach’ san Ardteistiméireacht.
Beidh na scannáin an-úsáideach do dhaltaí, a bheas in ann iad a úsáid ina gcuid ama féin agus iad ag ullmhú do scrúduithe. Beidh siad thar a bheith cabhrach fosta do mhúinteoirí, a bheas in ann ceacht a bhunú ar gach dán sa tsraith.
Téann dhá scannán le gach dán sa tsraith, léamh iomlán sa chanúint inar scríobhadh é, agus anailís liteartha ar an saothar féin, scríofa ag Fearghal Mag Uiginn. Táimid thar a bheith sásta leis an phacáiste críochnaithe agus tá súil againn go mbainfidh múinteoirí agus daltaí ar fud na hÉireann leas as an acmhainn tábhachtach seo."
Agus dúirt Conall Ó Máirtín ó TG4: "Tá muid thar a bheith sásta le ‘Dúil sna Dánta’ agus an obair atá déanta ag Macha Media le tacaíocht a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí atá ag ullmhú do an scrúduithe. Tagann seo ag pointe iontach tábhachtach sa bhliain agus tá mé cinnte go mbeidh an tsraith seo ina chuidiú iontach dóibh siúd atá ag déanamh réidh le scrúduithe a dhéanamh thuaidh agus theas.
Is léiriú eile é an tsraith seo den tiomantas atá ag TG4 ó thaobh an oideachais de agus na spriocanna atá againn mar chraoltóir bheith ag tacú le foghlaim agus dul chun cinn na Gaeilge trasna na tíre."
Is féidir teacht ar Dúil sna Dánta anseo.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.