Search

06 Sep 2025

Gearradh fíneáil ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide de bharr agóidíocht ar son na Palaistíne

Tá mic léinn i gColáiste na Tríonóide ag iarraidh ar an ollscoil a naisc le hIosrael a ghearradh

Gearradh fíneáil ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide de bharr agóidíocht ar son na Palaistíne

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Tá mic léinn ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag agóidíocht ar son na Palaistíne, agus iad ag súil go laghdóidh a nOllscoil naisc le hIosrael.

Tar éis agóide leanúnach ó mhic léinn na hollscoile, ní hamháin do na léirsithe ar son na Palaistíne ach freisin do shraith léirsithe faoi tháillí teagaisc agus cíosa, ghearr an ollscoil fíneáil de €214,285 ar aontas na mac léinn dá bharr.

Ceann de na príomhchúiseanna a luadh leis an ollmhór ar an mac léinn ná an bac a chur ar rochtain ar an tarraingt turasóireachta ollmhór atá á choinneáil ar an gcampas, Leabhar Cheanannais.

Tá bac curtha ar an mbealach isteach chuig Leabhar Cheanannais agus fanfaidh sé ar an mbealach seo go dtí go mbeidh gach nasc le hIosrael gearrtha ag an unverisity de réir uachtarán Aontas na Mac Léinn.

Tá an-tarraingt bainte amach ag na agóidí ar na meáin shóisialta, fiú agus an podchraoltóir Éireannach móréilimh, Blindboy ag rá: "Gowan Trinity."

Táthar le leanúint leis na agóidí timpeall Bhaile Átha Cliath agus na mic léinn ag fanacht ar fhreagra ón ollscoil.

Tá físeán den agóid le feiceáil thíos:

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.