Tá fáilte curtha ag Comhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe inniu roimh an scéala go bhfuil Hubble Living, an soláthraí lóistín do mhic léinn i nGaillimh, tar éis na harduithe a bhí beartaithe acu ar tháillí lóistín don bhliain acadúil 2024/25 a chur ar ceal.
Bhí €2,500 d’ardú bliantúil le bheith ann i gcás mic léinn atá ag stopadh i seomraí sómasacha en suite na cuideachta ar Bhóthar Áth Cinn, Gaillimh.
I dteachtaireacht ríomhphoist a fuair cónaitheoirí an tseachtain seo chuir Hubble Living in iúl nach mbeadh siad ag dul ar aghaidh le hoibreacha athchóirithe ar sheomraí san ionad de bharr “aiseolas” a fuarthas.
Bhí nasc sa teachtaireacht ríomhphoist chuig láithreán áirithinte seomra agus na rátaí nua le haghaidh seomra ansin.
Ní raibh aon fhaitíos ar Chomhaltas na Mac Léinn agus iad ag agóidíocht i gcoinne an ardaithe cíosa, achainíocha á scaipeadh acu, an cheist á plé sna meáin acu chomh maith le stocaireacht ar pholaiteoirí.
Dúirt Dean Kenny, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: “Tá áthas orm go bhfuil socrú stuama sroichte agus go bhfuil an brú ollmhór ón bpobal ar Hubble Living tar éis dul i bhfeidhm orthu sa chaoi is go bhfuil cinneadh déanta acu gan dul ar aghaidh leis an ardú scannalach ar phraghsanna mar a bhí beartaithe acu.
"Caithfear ceisteanna cuí a chur anois maidir leis an gcaoi a raibh siad in ann tús a chur leis an bpróiseas seo agus an chaoi nach gcuirfí bac rompu murach an torann go léir a rinne muidne ina leith taobh le hionadaithe áitiúla, Teachtaí Dála, Airí agus, gan amhras, iad siúd atá ina gcónaí in Hubble a bhí lárnach chun an malartú seasaimh seo a bhaint amach.
"Ní ghlacfaidh mic léinn le harduithe cíosa mar seo gan troid ina gcoinne, rud atá léirithe acu ina gcuid gníomhartha leis an ardú cíosa seo a chur ar mhalairt treo."
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.