Search

06 Sep 2025

‘Seo an t-am chun mo chuid aislingí a fhíorú’ - Leanann bean Dhún na nGall a paisean don altranas

Beidh Aonach FET ETB Dhún na nGall 2024 ar an 29 Feabhra san Óstán Radisson Blu i Leitir Ceanainn

‘Seo an t-am chun mo chuid aislingí a fhíorú’ - Leanann bean Dhún na nGall a paisean don altranas

Michelle McMonagle

Ní bhíonn sé riamh ródhéanach d’aisling a bhaint amach, agus is cruthúnas dó sin í Michelle McMonagle agus í beagnach críochnaithe leis an mBealach Rochtana Treasach nua ar chéim san Altranas Ginearálta le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).

Tá Michelle ag tabhairt faoi bhealach uathúil ar Bhaitsiléir Eolaíochta (Onóracha) san Altranas Ginearálta ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), a thosóidh sí i mí Mheán Fómhair, sa chaoi is gur thosaigh sí le Seirbhís FET an ETB.

Bhain Michelle an-sult as an mbliain agus í ag dul i mbun aistir a raibh a fhios aici a bhí i gcónaí i ndán di.

D’éirigh go maith le Michelle, arb as Inis Eoghain í agus a bhfuil cónaí uirthi anois i gConmhaigh, ina gairm mar Oideachasóir Luathbhlianta sular athraigh sí chuig altranas.

“Nuair a rinne mé an Ardteistiméireacht, ní bhfuair mé na pointí le haghaidh altranais agus mar sin chuaigh mé ar chonair eile,” a dúirt Michelle agus í ag cur síos ar a cinneadh cúrsa sláinte agus cúraim shóisialta i nDoire, cúrsa a bhí mar chúis lena gairm i gcúram leanaí.

“Ba bhreá liom cúram leanaí agus bhí mé sásta leis ach bhí an fonn inmheánach sin i gcónaí ann. Bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh a bheith i m’altra,” a dúirt sí.

Agus a leanaí féin níos sine (16 agus 18 mbliana d’aois), rinne sí a cinneadh: “Seo an t-am chun mo chuid aislingí a fhíorú, anois agus an t-am agam le cur isteach.

“Tuigim go mbíonn ort do shaol a chur i muinín Dé leis an gcúrsa seo sa chaoi is go bhfágann tú fostaíocht lánaimseartha chun tabhairt faoi, ach geallaim duit nach mbeidh aiféala ar bith ort ach amháin má chinneann tú gan tabhairt faoin gcúrsa.”

Bhí an t-uainiú díreach i gceart aici, toisc gur sheol an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais Céimeanna Treasacha nua le seachadadh ag ETB Dhún na nGall agus OTA ag an am sin. Is conair é an clár chun daltaí a ullmhú don oideachas tríú leibhéal. 

I ndiaidh di bliain oiliúna amháin a chaitheamh ag a Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) áitiúil i Leitir Ceanainn, gheobhaidh Michelle Dámhachtain iomlán QQI Leibhéal 5 a ligfidh di dul ar aghaidh go díreach chuig clár céime ag campas OTA i Leitir Ceanainn.

“Ní raibh orm a bheith buartha faoin CAO nó faoi spásanna teoranta mar bhí a fhios agam go raibh spás dom,” a dúirt Michelle.

Is é an aidhm is mó a spreagann Michelle ná a bheith ina bean chabhrach, ach níl cinneadh docht déanta aici go fóill.

“Agus mé ag an ollscoil, d’fhéadfadh rud éigin eile suim a mhúscailt ionam,” a dúirt sí.

I measc na modúl ar an gcéim threasach tá Anatamaíocht agus Fiseolaíocht, Cúram an Duine Bhreacaosta Teoiric agus Cleachtas Altranais, Cosc agus Rialú Ionfhabhtuithe agus Cumarsáid. Tá 60 uair an chloig de shocrúchán oibre mar chuid den chúrsa agus rinne Michelle a cuid i dteach altranais áitiúil. D’fhoghlaim sí speictream leathan de na leibhéil éagsúla cúraim a theastaíonn agus ghlac sí le fostaíocht pháirtaimseartha mar Chúntóir Cúraim Sláinte cheana féin. 

Níl aon eolas roimh ré ar altranas nó ar chúram sláinte ag teastáil le dul isteach sa chéim threasach, agus dúirt Michelle gur thug Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall tacaíocht “den scoth” di.

“Má tá taithí ar chúram a thabhairt agat rachaidh sé chun tairbhe duit ach foghlaimeoidh tú gach rud a bheidh uait agus tú á dhéanamh,” a dúirt sí.

“Má tá duine ann atá ag smaoineamh air ach atá buartha faoi bheith ag obair le ríomhaire, tá tacaíocht bhreise ar fáil le haghaidh TF. Má tá disléicse ar dhuine ar bith, tá tacaíocht ann don mhatamaitic chomh maith le gairmthreoir.

“Foghlaimíonn tú an t-uafás agus cuirtear in iúl duit an méid a d’fhéadfá baint amach.”

Is é fonn foghlama Michelle a spreagann í.

“Tá an méid seo á dhéanamh agam dom féin ach tá sé á dhéanamh agam fosta chun a léiriú go bhfuil roghanna ann i ndiaidh na hArdteistiméireachta agus nach mbíonn tú riamh róshean do chuid aislingí a fhíorú agus an ghairm is mian leat a bhaint amach. Mura n-éiríonn leat san Ardteistiméireacht, tá bealaí eile ann i gcónaí,” a dúirt sí.

Tá dinimic nua i dteach Michelle, áit a bhfuil deis aici am a thabhairt le dul isteach ina seomra breise agus staidéar a dhéanamh toisc go bhfuil a leanaí níos neamhspleáiche anois. 

“Is cinnte go bhfuil i bhfad níos mó staidéir á dhéanamh agam ná mar atá ag mo mhac!,” a dúirt sí.

“Ní hionann an breisoideachas agus an mheánscoil, bíonn ort am agus obair a chur isteach ach bíonn taithí ar fáil duit agus caitear leat mar dhuine aosta agus bíonn meas ag daoine ort as do chuid tuairimí a léiriú. Tá roinnt scrúduithe agus léirithe praiticiúla ann ach tá sé go léir indéanta.”

Beidh QQI Leibhéal 5 i Staidéar Altranais “sa mhála” ag rannpháirtithe an chúrsa sula dtosaíonn siad ag OTA. Beidh siad tar éis cur lena scileanna acadúla agus lena muinín chun dul chun cinn a dhéanamh, agus a dtuiscint ar an earnáil á aimsiú acu ag an am céanna.

“Bhí an t-ádh linn leis na teagascóirí. Bhí siad go léir an-chabhrach agus tá an t-uafás eolais acu,” a dúirt Michelle.

“Sochair eile is ea go bhfaigheann tú ríomhaire glúine ar iasacht, íoctar ár dtáillí don chéad bhliain agus is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas SUSI agus sparánachtaí eile amach anseo.”

Deir Michelle go bhfuil sí “beagáinín muiníneach agus beagáinín neirbhíseach” don chéad chéim eile ina hoideachas agus molann sí do dhaoine a bhfuil fonn ar bith orthu chun “tabhairt faoi go díreach”.

“Tugann an chéim an oiread sin tacaíochta, má tá an fonn sin ort é a dhéanamh, tá tú leath bealaigh ann, díreach tabhair an t-am duit féin, déan do chuid aislingí a fhíorú agus tabhair faoi.

“Níor tharla sé riamh go raibh aiféala orm go ndeachaigh mé isteach ann, tá sé an-suimiúil agus an-spraíúil agus tá cairde iontacha déanta agam.”

Chun tuilleadh eolais a fháil, bígí ag Aonach FET ETB Dhún na nGall 2024 ar an 28 agus an 29 Feabhra san Óstán Radisson Blu i Leitir Ceanainn.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.