Search

06 Sep 2025

Ó fheighlíocht leanaí go gairm sa chúram leanaí: Tús á chur ag Alex lena haistear le cúrsa iar-Ardteistiméireachta

Tá Aonach FET ETB Dhún na nGall 2024 ar an 28 agus an 29 Feabhra san Óstán Radisson Blu i Leitir Ceanainn

Ó fheighlíocht leanaí go gairm sa chúram leanaí: Tús á chur ag Alex lena haistear le cúrsa iar-Ardteistiméireachta

Alex McClay

Tá bean óg as an gCaisleán Nua ar an mbealach le bheith ina Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS) i ndiaidh di tabhairt faoi chúrsa iar-Ardteistiméireachta i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige.

Bhí a fhios ag Alex McClay i gcónaí gur theastaigh uaithi oibriú le leanaí. Agus í ina déagóir, thapaigh sí gach deis aire a thabhairt do leanaí. Tá sí 20 bliain d’aois anois agus tá sí ar an gcéad chéim chun gairm san oideachas luath-óige a bhaint amach.

Iardhaltaí de chuid Choláiste Pobail Bhun an Phobail í Alex agus ní raibh a fhios aici céard a bhí uaithi i ndiaidh na hArdteistiméireachta. 

“Bhí mé ag féachaint ar chúrsaí ollscoile agus bhí siad róchostasach dom. Ní raibh a fhios agam cad ba cheart dom a dhéanamh,” a dúirt sí.

“Tháinig mé ar an gcúrsa i mBun Cranncha agus fuair mé áit air, buíochas mór le Dia. Is clár Leibhéal 5 é agus is cáilíocht mhaith í le fáil laistigh de bhliain amháin.”

Múintear cúrsa Alex in Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bun Cranncha atá á reáchtáil ag ETB Dhún na nGall. Tá meascán d’obair phraiticiúil, obair acadúil agus taithí oibre i gceist leis an gcúrsa lánaimseartha bliana seo. Tá an clár um Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige deartha chun daltaí a ullmhú ionas go mbeidh siad réidh le hobair i naíolanna, réamhscoileanna agus mar Chúntóirí Riachtanas Speisialta ach anuas air sin d’fhéadfadh sé a bheith mar bhunús le haghaidh staidéir bhreise sa réimse sin san ardoideachas. 

Níl taithí roimh ré ag teastáil agus mar sin ní bhraitheann duine ar bith gur “caitheadh isteach sa bhearna bhaoil” iad, a dúirt Alex.

“Sna chéad chúpla seachtain thug siad réamhrá dúinn ar gach modúl agus cheap mé go raibh sé sin iontach ar fad. Mínítear gach rud ar bhealach atá iontach soiléir.”

Thuig Alex go luath go raibh paisean pearsanta aici chun leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu a thuiscint i gceart. 

“Dá mhéad taighde a rinne mé, is ea is mó a thuig mé go raibh mé ag iarraidh an bealach CRS a thógáil le go mbeinn in ann oibriú le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu i naíolanna.”

Tá an cúrsa iar-Ardteistiméireachta (PLC) saindeartha chun am agus solúbthacht a thabhairt do dhaltaí ionas go mbeidh siad in ann cothromaíocht a aimsiú ina saol lasmuigh den seomra ranga. Áirítear leis an gcúrsa trí lá teagaisc in aghaidh na seachtaine chomh maith le dhá lá in aghaidh na seachtaine le haghaidh socrúcháin oibre. Tá a cuid socrúcháin oibre féin á dhéanamh ag Alex in Busy Bees i gCluain Maine.

“Nuair a thosaigh mé ar an gcúrsa seo bhí imní orm nach mbeadh am go leor agam post a bheith agam chun airgead a thuilleamh ach bíonn an cúrsa ar siúl ó 9am go 3pm agus mar sin bíonn tú in ann oibriú sa tráthnóna nó ag an deireadh seachtaine. Bíonn go leor ama againn chun ár gcuid tascanna a dhéanamh sa rang agus mar sin ní bhíonn aon bhrú i gceist leo,” a dúirt sí.

Dúirt Alex, atá iontach sásta leis an gcúrsa agus lena múinteoir Alison Stevenson, gur athrú deas é an cúrsa ón iar-bhunscoil.

“Tá sé an-difriúil ón scoil mar caitear leat mar dhuine fásta ach ní bhíonn tú i do shuí i rang ag déanamh an rud céanna gach lá. Tá an fhoireann an-chabhrach ar fad agus bíonn tú sásta obair a chur isteach mar tuigeann tú go mbainfidh tú rud éigin as,” a dúirt sí.

I measc na modúl eile a bhíonn i gceist sa chlár um Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige tá Fás agus Forbairt na Luath-Óige, Cearta Leanaí, Reachtaíocht agus Rialachán, Súgradh agus Staidéar Cruthaitheach an Churaclaim, Cúram Iomlánaíoch Leanaí agus Cúnamh a Thabhairt do Leanaí a bhfuil Riachtanais Bhreise acu. 

Tá cúrsaí PLC deartha do dhaltaí a bhfuil an Ardteistiméireacht déanta acu agus a bhfuil bliain bhreise uathu chun staidéar a dhéanamh ar shainréimse gairme. Is féidir le daoine fásta atá ag filleadh ar an oideachas páirt a ghlacadh fosta agus is bealach iontach é chun scileanna a fheabhsú agus dul ar ais i mbun foghlama.

Deir Alex fosta go bhfuil tacaíocht iontach ar fáil chun cabhrú le gach dalta ar a n-aistear.

“Má tá fadhb ar bith agat, is féidir leat dul chuig Tacaíocht do Dhaltaí. Níor bhain mé féin úsáid as an tseirbhís go fóill ach bíonn sí i gcónaí ann má tá cabhair bhreise uait nó má tá tú ag streachailt le spriocdhátaí tascanna.”

Bhain Alex leas as gairmthreoir ón gComhairleoir Elena Gill. Agus í ag labhairt faoin tseirbhís sin, dúirt Alex: “Is coinne duine ar dhuine í ina bhfaightear amach conas atá ag éirí leat. Is féidir leat a insint dóibh cad iad na rudaí a mbaineann tú an taitneamh is mó astu agus cabhróidh siad leat dul chun cinn a dhéanamh agus cúrsaí eile a aimsiú.”

Tá Alex muiníneach go bhfuil sí ar an mbealach ceart chun cáilíochtaí a mbeidh sí in ann tabhairt léi áit ar bith a fháil. 

“Tá an-éileamh ar CRSanna i gcúram leanaí lena n-áirítear an-éileamh ar fhoireann ionaid do dhaoine atá ar shaoire mháithreachais agus ar shaoire bhreoiteachta. Tá réamhscoileanna agus naíolanna ar fud an chontae ag fostú, nó d’fhéadfá dul áit ar bith chun obair a fháil.”

Nuair a bhronntar dámhachtain QQI Leibhéal 5 orthu, féadfaidh daltaí dul ar aghaidh chuig go leor cúrsaí eile nó féadfaidh siad dul isteach go díreach i bhfostaíocht in earnáil na luathbhlianta. Tá conair ann le go bhféadfadh daltaí dul díreach isteach sa Teastas Leibhéal 6 i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige mar aon le go leor cúrsaí breisoideachais agus ardoideachais eile má táthar ag smaoineamh ar staidéar breise a dhéanamh sa réimse sin.

Má tá duine ar bith ann atá ag smaoineamh ar chúrsa PLC nó ar roghanna breisoideachais eile, molann Alex labhairt le foireann ETB Dhún na nGall agus ceisteanna tábhachtacha a chur orthu agus nótaí a breacadh síos.

“Déarfainn le daoine óga machnamh a dhéanamh ar chúrsa PLC. D’fhéadfadh sé a bheith deacair tabhairt faoi chéim choláiste nó ollscoile ach tá mé an-sásta go ndearna mé é sin i mbliana.”

Chun tuilleadh eolais a fháil, bígí linn ag Aonach FET ETB Dhún na nGall 2024 ar an 28 agus an 29 Feabhra san Óstán Radisson Blu i Leitir Ceanainn.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.