Obair cheamara agus an scannán mar mheafar
Caithfear cuimhneamh gur scannán é an sliocht seo.
Mar sin tá teicníocht faoi leith in usáid chun an téama a fhorbairt agus chun suim an lucht féachana a mhúscailt.
Tá SEAT FADA den treain agus an staisiun traenach againn ar dtús.
Tagann an treain agus imíonn sé.
Tá rud éigin maoithneach i gceist.
Cuireann an suíomh seo ag machnamh muid.
Is meafar é den saol.
Téann na laethanta thart.
Tagann an traein; imíonn an traein. Is mar an gcéanna linne.
Táimid ag driuidim leis an mbás in aghaidh an lae.
Bíonn laethanta geala agus laethanta dorcha again.
Nuair a théann an traein trid an tollan dorcha, cuirtear in iúl duinn doircheacht agus urchóid an duine daonna.
Ta gnéith fhealsúnach i gceist anseo, ceapaim.
Nuair a insítear bréaga, nuair a chuirtear an fhirinne faoi chois, is ansin a thagann an doircheacht isteach inar saol.
Tá nasc ionsparáideach anseo sa scannán seo idir doircheacht agus easpa fírinne nó mímhacántacht in anam an duine.
Mar a fheictear anseo insíonn Catherine bréaga faoin bpiast sa cháca agus isteach leis an traien faoin dtollan.
Ta sé ciallmhar mar theicníocht, ceapaim.
Nuair a fhaigheann Pol bás ag deireadh an scannáin nil se dorcha - tá sé geal.
Tá sé ar shlí na firinne.
Cuireann an scannán muid ag machnamh mar gheall ar na tslí ina gcaithimid le duine ata difrúil ar shaghas eigin, sa chás seo, duine faoi éagumais.
Ta Pól dall agus beagán soineanta.
Má sheasann Catherine don ghnáthdhuine is i an teachtaireacht ata le sonrú anseo ná go bhfuil an claonadh ionainn, mar dhaoine daonna, bheith cruálach, mithrócaireach agus mailíseach.
Bímid tógtha suas lenár ngnó fein agus is cuma sa tsioc linn faoin té atá lag nó leochaileach.
Is é Pól a thosaíonn an comhrá agus cé go bhfuil se cráiteach (IRKSOME) is leir go bhfuil fonn cainte air.
Is maith leis an chumarsáid agus b’fhéidir go mbíonn ceachtanna ag na daoine is laige dúinn go léir.
Ach is cuma linn, táimid santach agus déanaimid breithiúnas faoin duine atá faoi mhichumais.
Is ionann iad agus víreas ar shlí.
Feicimid an smaoineamh doicheallach ar fhiúchadh i súile Catherine le cuidiú ón SEAT TEANN.
Is léir go bhfuil si ag eirí nios binbe agus nios binibe de réir mar a ghluaiseann an treain ar aghaidh.
Más meafar i an traein den saol, an é go bhfuil an t-údar ag rá go n-éirímid nios fuaire agus níos cruálai de réir mar a théann an saol ar aghaidh?
Is teachtaireacht chumhachatach agus fhiúntach í seo.
Baintear úsáid éifeachtach as an SEAT TEANN chun béim a chur ar mhothúcháin agus teannas sa scannán.
I seat téann dírítear isteach go dlúth ar an ábhar.
Feictear súile Catherine go dlúth agus feicimid an mhailis ata iontu
Feicimid Paul ag ithe an cháca go dlúth agus ní deas an radharc é. Cuireann an radharc sin lenár míshástacht agus déistin i dtaobh Paul.
Cabhraíonn an soilsiú le forbairt an téama.
Ceapaim go bhfuil agus tá se thar a bheith cliste.
Cuireann an soilsiú le hatmasféar scanrúil bagrach freisn, rud a mhusclaíonn suim an lucht féachanna.
Meadaítear ar mhéid an teannais freisin tri usáid an cheamara.
Atmaisfear an scannáin… an grean agus an tuafás
Cé go bhfuil críoch thragóideach i gceist ta beagán grinn fite fuaite ann freisin.
Féach an tslí ina gcuireann Paul isteach ar Catherine ar dtús, tá sé chomh cráiteach sin go bhfuil fonn gáire orainn mar léitheoirí. Is féidir linn ionannú le Catherine sa suíomh seo mar is minic a gcuireann daoine droch-bhéasacha isteach orainn ar an traein.
Buaileann Paul í go headrom lena mhada croise agus ta rúille -búille ann nuair a chuireann se rudaí i stóráil sa charráiste .
Is ar éigean a chloisimid osna Catherine ag an bpaointe seo.
De réir mar a ghuaiseann na nóimeid thart tá a shíorchaint agus a shoineantacht beagánín greannmhar mar tuigimid láithreach go bhfuil Catherine cráite aige.
Tri mheán na soilsithe éirionn an t-atmasféar teann agus urchóideach nuair a insionn Catherine bréaga do dhuine leochaileach. Bheifeá ag súil le bá agus trua ach ni gnathdhuine i Catherine.
Ag deireadh an scannáin tá an t-atmisféar chom dubh le gual.
Fuair dorchadas agus urchóid an lámh in uachtar ar an mhaitheas.
Feicimid lámh Phóil sínte amach agus is meafar e sin den bhás.
Cabhraíonn an SEAT TEANN le meid an uafais.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.