An tAthair Brian Ó Fearraigh
Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh gur mór an onóir do bheith ceaptha mar Shagart Paóiste i nGaoth Dobhair. “Is cinnte gur pribhléid mhór i domh an deis uasal seo a fháil.
Pobailscoil Ghaoth Dobhair
Bhain mé sult agus neart sásaimh as an seal a chaith mé ar fhoireann na Pobalscoile – tá scoláirí agus foireann iontach ann agus tréaslaím libh i bhur n-obair i ngort an oideachais”, a dúirt sé.
Guíonn sé comhghairdeachas agus buíochas buan ó chroí leis an Sagart Pádraig Ó Baoighill as a shaothar agus a sheirbhís i bhfíonghort an Tiarna i nGaoth Dobhair le fíche agus a hocht bliain agus guíonn sé gach ráth agus beannacht air le linn a scoir.
fíorchaoin fáilte
Cuireann sé fíorchaoin fáilte roimh An tAthair Brendan Ward go Paróiste Ghaoth Dobhair agus is é a ghuí go raibh ráth, bláth agus beannacht air ina chúraimí úra sa Phobalscoil agus i bParóiste Ghaoth Dobhair mar Shagart Cúnta.
An tAthair Seán Ó Gallchóir
Cuireann sé fíorchaoin fáilte chroíúil abhaile go Gaoth Dobhair roimh an tAthair Seán Ó Gallchóir atá éirithe as a chuid cúramaí mar Shagart Paróiste i bPobal Chríost Rí, i nGort a’ Choirce. Guíonn sé go raibh an t-áthas agus an lúchair ag siúl leis agus é ag dul ar scor.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.