Search

06 Sep 2025

Lámhscríbhinní bronnta ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Saothar Antoine Uí Dhochartaigh (1863-1932)

Lámhscríbhinní  bronnta ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Mícheál Ó Domhnaill, An tAcadamh; Ciarán Mac Pháidín, Mairéad Mhic Giolla Chomhaill agus Éamonn Mac Niallais

Rinneadh bailiúchán suntasach de lámhscríbhinní leis an scoláire aitheanta Gaeilge Antoine Ó Dochartaigh (1863-1932) as Oileán na Cruite ó dhúchas a bhronnadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair ar na mallaibh. Is iad Dairine agus Ciarán Mac Pháidín, garpháistí leis an Uasal Ó Dochartaigh, a bhronn an bailiúchán tábhachtach seo ar an Acadamh. Le linn ócáid an bhronnta féin, dúirt Ciarán Mac Pháidín: ‘Tá lúcháir orainn go ndéanfar an t-ábhar luachmhar seo, a chaomhnaigh muid féin sa teaghlach le blianta fada, a dhigitiú agus a chur os comhair an tsaoil mhóir ar líne le go mbeidh scoláirí agus an pobal i gcoitinne ábalta mionscrúdú agus taighde a dhéanamh air go héasca.’

Ábhar lámhscríofa den mhórchuid atá sa bhailiúchán seo agus déanfaidh foireann an Acadaimh i nGaoth Dobhair a bhfuil ann a dhigitiú, a innéacsú agus a chur ar fáil ar líne do lucht taighde agus don phobal a mbeadh spéis acu staidéar a dhéanamh ar shaothar an Uasail Uí Dhochartaigh. Dúirt Mícheál Ó Domhnaill ón Acadamh: ‘Cuirfidh an bailiúchán seo go mór leis an obair thábhachtach atá déanta in Ionad Ghaoth Dobhair cheana féin ar ábhar a bhaineann le hoidhreacht Ghaeilge Chontae Dhún na nGall a chaomhnú agus a chur ar líne ar ardáin cosúil le www.bealoideasbeo.ie agus www.taisclann.ie.’

I measc an ábhair atá sa bhailiúchán, tá bunchóip den chaint a thug an tUasal Ó Dochartaigh ar an 9 Meitheamh 1897 le linn an cheiliúrtha mhóir a bhí ar siúl i nGartán in ómós do Naomh Colm Cille a fuair bás sa bhliain 597. Mar aon leis sin, tá an iliomad amhrán, paidreacha agus scéalta traidisiúnta le fáil sa bhailiúchán thábhachtach seo a bhailigh sé ó bhunadh na Rosann corradh agus céad bliain ó shin.


Thosaigh Antoine Ó Dochartaigh ag obair mar mhúinteoir scoile ar an Chruit timpeall na bliana 1879 agus sna luathbhlianta sin, agus roimh bhunú Chonradh na Gaeilge féin, bhíodh sé ag bailiú amhrán, paidreacha agus scéalta óna mháthair agus ó bhunadh na háite mórthimpeall air. Dúirt an scríbhneoir aitheanta Séamus Ó Grianna as Rann na Feirste an méid seo faoi: ‘Bhí sé san fhíonghort i lár an lae ag saothrú faoi theas na gréine nuair a bhí mórán den chuid eile againn díomhaoin ag áit an mhargaidh.’


Bhí seisean i measc an líon beag múinteoirí a bhí sásta an Ghaeilge a theagasc taobh istigh d’uaireanta na scoile ag am a raibh cosc iomlán ar a leithéid a dhéanamh, agus is iomaí uair a bhí sé i ndeabhaidh le lucht cigireachta dá bharr. 


Faoi scáth Dháil Uladh, d’fhoilsigh sé roinnt leabhar scoile i leith theagasc na Gaeilge sna bunscoileanna nuair a ceadaíodh a leithéid fá thús an chéid seo caite. Chuir sé cuid mhór focal as Dún na nGall ar fáil d’fhoclóir Gaeilge-Béarla an Athar Pádraig Ó Duinnín. Luaitear an giorrúchán ‘Ros’ le haon fhocal a thug sé agus a foilsíodh san fhoclóir sin; ba leagan giorraithe é ‘Ros’ den ainm chleite ‘Rosannach’ a d’úsáid sé go minic ina chuid scríbhneoireachta.


In 1910, bhog an t-uasal Ó Dochartaigh go dtí an Fál Carrach, áit a ndearnadh príomhoide de ar an bhunscoil úr a fosclaíodh i Mín Doire. I ndiaidh dó seal a chaitheamh ag obair sa scoil sin, thosaigh sé a dh’obair i Scoil Náisiúnta Bhaile na Bó i ndeas don Fhál Charrach agus d’oibir sé ansin go ndeachaigh sé ar scor. Bhí baint mhór aige le Coláiste Uladh i gCloich Cheann Fhaola agus le Coláiste na gCeithre Máistrí i Leitir Ceanainn; dhá choláiste a bhí iomlán tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge.


Bhí cónaí ar Antoine Ó Dochartaigh lena theaghlach ar Phríomhshráid an Fháil Charraigh go dtí go bhfuair sé bás in 1932.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.