Search

28 Dec 2025

Mórthuarascáil Náisiúnta ar Thuairimí an Phobail i Leith na Gaeilge Seolta

Tá pobal láidir, báúil ag tacú leis an Ghaeilge, ach tá easnaimh mhóra le sonrú ó thaobh polasaithe de: Céard é an Scéal? 2025

Mórthuarascáil Náisiúnta ar Thuairimí an Phobail i Leith na Gaeilge Seolta

Seoladh eagrán 2025 de Céard é an Scéal? Sraith taighde bhliantúil Chonradh na Gaeilge a scrúdaíonn dearcthaí an phobail i leith na Gaeilge

Seoladh eagrán 2025 de Céard é an Scéal? Sraith taighde bhliantúil Chonradh na Gaeilge a scrúdaíonn dearcthaí an phobail i leith na Gaeilge. Anois ina 11ú bliain, tugann an t-eagrán is déanaí léargas cuimsitheach ar thuiscint na ndaoine ar fud na hÉireann ar an teanga, a todhchaí, agus na beartais a mhúnlaíonn í.

Bunaíodh Céard é an Scéal? le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge sa bhliain 2015, chun tuiscint níos doimhne a chothú ar phobal na Gaeilge agus chun fianaise iontaofa, náisiúnta a bhailiú ar dhearcthaí a bhaineann leis an teanga.

Seo a leanas cuid de na príomhthorthaí ó phobalbhreith na bliana seo:

* Creideann 68% de dhaoine ó dheas gur cheart go mbeadh buanú agus neartú phobail na Gaeltachta i gcroí-lár aon chóras tithíochta atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht agus ní raibh ach 13% ina choinne.

* D’aontaigh 61% ó dheas agus 48% ó thuaidh gur chóir don Rialtas níos mó tacaíochta a thabhairt do ghrúpaí le seirbhísí óige trí Ghaeilge a fhorbairt.

* Creideann 73% de dhaoine ó dheas gur chóir go mbeadh sé de cheart ag gach páiste oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil ag gach leibhéal den chóras oideachais.

* Thug 11% de dhaoine a rinneadh suirbhé orthu ó thuaidh le fios go raibh taithí acu le himeaglú nó ciapadh mar gheall ar fhoghlaim nó úsáid na Gaeilge.

* Creideann 61% de dhaoine ó dheas gur cheart níos mó cúrsaí tríú leibhéal Gaeilge a chur ar fáil.

* Dúirt 20% de dhaoine ó dheas agus 23% de dhaoine ó thuaidh go mbainfeadh siad úsáid as seirbhís stát trí Ghaeilge dá mbeadh siad ar an eolas fúithi.

LÉIGH FREISIN: PICTIÚIRÍ: Feicfidh Dancing with the Stars 2026 an chéad bheirt bhan riamh agus triúr nua-chailíní

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:“Gach bliain, cuireann ‘Céard é an Scéal?’ eolas fíorluachmhar ar fáil dúinn ar dhearcthaí i leith na Gaeilge, thuaidh agus theas. Neartaíonn sonraí láidre, neamhspleácha mar seo gach gné dár gcuid oibre. Tugann na torthaí seo an fhianaise atá de dhíth orainn agus muid ag déanamh stocaireachta ar pholaiteoirí, ag cinntiú go léiríonn cinntí maidir le cearta, oideachas agus seirbhísí teanga fíor-riachtanais agus mianta na ndaoine.

"Ina theannta si, tá ról ríthábhachtach ag an taighde seo ag bréagnú cuid de na miotais a bhaineann le dearcadh an phobail i leith na Gaeilge. Is acmhainn riachtanach í an tuairisc seo chun dul chun cinn buan a chinntiú don Ghaeilge.”

Dúirt Cassie Ní Chatháin, Feidhmeannach Taighde agus Anailíse le Conradh na Gaeilge: “Leagann suirbhé na bliana seo béim ar an athrú dearfach, láidir atá tagtha ar dhearcthaí i leith na Gaeilge agus ar na dúshláin atá go fóill roimh phobail ar mian leo í a úsáid ina saol laethúil. Tá athghabháil teanga faoi lán seoil i measc na ndaoine, ach tá fadhbanna leanúnacha, fadtéarmacha agus easpa polasaithe cuimsitheacha ag cur isteach ar an fhás sin.

"Léiríonn na torthaí go bhfuil gníomhartha agus beartais níos láidre de dhíth ó na rialtais, thuaidh agus theas, chun seirbhísí níos fearr a sholáthar, tacaíochtaí níos láidre a chur ar fáil agus níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine an Ghaeilge a úsáid ina saol laethúil - go háirithe do mhuintir na Gaeltachta, do dhaoine óga agus d’fhoghlaimeoirí ar fud an oileáin.

Tá an tuairisc iomlán ar fáil ag cnag.ie/céas. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.