Search

06 Sep 2025

Clár Scoileanna an Oireachtais ag marcáil 150 lá go dtiocfaidh an fhéile teanga agus ealaíne is sine in Éirinn go Béal Feirste

Beidh Béal Feirste ag cur fáilte roimh an teacht le chéile teanga agus ealaíne Gaeilge in ionaid ar fud na cathrach ón 29ú Deireadh Fómhair go dtí an 2ú Samhain

Clár Scoileanna an Oireachtais ag marcáil 150 lá go dtiocfaidh an fhéile teanga agus ealaíne is sine in Éirinn go Béal Feirste

Éimear Nic Ionnrachtaigh, Comhordaitheoir Tacaíochta Teaghlaigh le Fís an Phobail, agus na Gaeilgeoirí óga Aoife Doyle agus Seán O’Connor in éineacht le hArd-Mhéara Bhéal Feirste, Micky Murray

Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag dul i bpáirt le Fís an Phobail chun sraith ceardlann a chur ar fáil i scoileanna lán-Ghaeilge le linn mhí an Mheithimh, mar cheiliúradh ar Oireachtas na Samhna theacht go Béal Feirste.

Beidh Béal Feirste ag cur fáilte roimh an teacht le chéile teanga agus ealaíne Gaeilge in ionaid ar fud na cathrach ón 29ú Deireadh Fómhair go dtí an 2ú Samhain.

Tá níos lú ná 150 lá fágtha go dtí an ócáid, agus tá an chomhairle ag obair le Fís an Phobail, gréasán Gaeilge iarthar Bhéal Feirste, le haos óg na Gaeilge a bheith páirteach san fhéile agus freastal uirthi.

Agus muid ag druidim le deireadh na scoilbhliana, beidh daltaí i mBunscoil Phobal Feirste, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh agus Gaelscoil na bhFál ag fiosrú stair na féile, a bhí ann den chéad uair i mBaile Átha Cliath in 1897, agus beidh siad ag cur eolais ar na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh ar siúl, idir ealaín, ceol, amhránaíocht ar an sean-nós agus labhairt na teanga.

Má tá spéis ag do scoil féin páirt a ghlacadh, cuir ríomhphost chuig gaeilge@belfastcity.gov.uk.

LÉIGH FREISIN: PICTIÚIRÍ: Taobh istigh den bhainis is sómasach in Éirinn i mbliana ag Manor Áth Dara

Arsa Ard-Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Micky Murray, agus é in éineacht leis na daltaí sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál leis an chlár a sheoladh:

“Is in 1997 is deireanaí a bhí Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste agus táimid ag súil go mór le fáilte a chur arís roimhe, i ndiaidh ár n-iarratais leis an Roinn Pobal, earnáil na turasóireachta agus na heagraíochtaí Gaeilge, lena n-áirítear Visit Belfast, Féile an Phobail, Forbairt Feirste, Conradh na Gaeilge agus Fáilte Feirste Thiar.

“Tá rath agus bláth ar phobal Gaeilge na cathrach, agus is deis luachmhar an fhéile a bheith i mBéal Feirste don aos óg an Ghaeilge a chloisteáil go beo, bualadh le cainteoirí óga eile agus cur lena gcumas féin. 

“Is deis í an fhéile ceiliúradh a dhéanamh ar thábhacht chultúrtha na teanga agus a léiriú cad chuige ar chóir gach uile theanga a chosaint agus a chothú, don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht. Táimid ag súil le Béal Feirste a chur i lár an aonaigh agus ar mbuanna a léiriú do na cuairteoirí a bheidh linn ó gach cearn d’Éirinn don Oireachtas an fómhar seo chugainn.”

Táthar ag dréim le suas le 10,000 de rannpháirtithe agus de lucht féachana i mBéal Feirste don Oireachtas, agus tá sceideal lán imeachtaí beartaithe, lena n-áirítear comórtais, díospóireachtaí, léirithe scannán, ceardlanna, duaiseanna agus tuilleadh.

“Táimid ag tnúth go mór le féile Oireachtais den scoth i mBéal Feirste in 2025, i bhfianaise na tacaíochta luachmhaire atá á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus ag grúpaí Gaeilge agus ealaíon eile i dTuaisceart Éireann do na dian-ullmhúcháin,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais."

Aoife Doyle agus Seán O’Connor agus Bláithín Ní Néill

“Ní fhéadfainn óstbhaile níos oiriúnaí ná níos fáiltiúla ná Béal Feirste a shamhlú don cheiliúradh spleodrach, bliantúil seo ar na taibhealaíona ná  ar an bpobal dílis, ildánach, óg agus aosta, a fhreastalaíonn uirthi ina mílte gach bliain.  

“Tá seánraí nua tugtha isteach san fhéile i mbliana in onóir laochra áitiúla, beo agus marbh, a bhain sár-cháil amach de bharr a gcuid ealaíon.  Is iad na seánraí nua sin: rapcheol agus córcheol do dhaoine óga agus, do dhaoine fásta, amhránaíocht aonair le tionlacan giotáir in ómós an amhránaí, Albert Fry, a bhí ina Uachtarán ar an Oireachtas nuair a bhí an fhéile i mBéal Feirste go deireanach in 1997.”

Dála na n-imeachtaí roimhe seo i mBaile Átha Cliath, i Corcaigh, i gCill Áirne agus in áiteanna eile, is i nGaeilge a bheidh gach imeacht de chuid an Oireachtais, rud a thabharfaidh deis do lucht na Gaeltachta agus do chainteoirí nach as an Ghaeltacht iad bualadh le chéile, foghlaim óna chéile agus teanga agus cultúr a cheiliúradh.

“Tá breis agus ceathrú chéid ann ó bhí an fhéile ar siúl i mBéal Feirste agus táimid ag súil le féile rathúil bheoga a bheith cois Lagáin in 2025’, arsa Sorcha Ní Chathmhaoil, Comhordaitheoir Tacaíochta Teaghlaigh le Fís an Phobail.

"Táimid an-tógtha go deo leis an Oireachtas theacht go Béal Feirste i mbliana. Is aitheantas é sin don bhorradh dochreidte atá faoin teanga le blianta fada anuas, pobal a bhfuil aird an domhain tuillte aige.

“Mar sin féin, caithfidh muid a chinntiú go mbainfidh muid gach uile bhuntáiste as an Oireachtas agus as an phróifíl a thagann leis, go háirithe maidir leis an aos óg. 

“Tá súil againn iad a spreagadh thart ar an Oireachtas agus, go háirithe, i dtaca leis an chultúr a léirítear aige. Táimid buíoch de Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste as an tacaíocht fhial a chuirfidh ar ár gcumas seó bóthair a chur ar fáil dár ndaoine óga sna míonna atá romhainn.

"Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi Oireachtas na Samhna 2025 ar shuíomh gréasáin na comhairle belfastcity.gov.uk/events nó ar shuíomh gréasáin oifigiúil na féile.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.