Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary, Plean Teanga Bhaile Seirbhíse na Gaeltachta, Caisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo, go hoifigiúil
Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary, Plean Teanga Bhaile Seirbhíse na Gaeltachta, Caisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo, go hoifigiúil.
Is é an sprioc atá leis an bPróiseas Pleanála Teanga agus leis na pleananna teanga mar uirlisí den phróiseas sin, an Ghaeilge a láidriú mar theanga theaghlaigh agus mar theanga phobail.
Is é Gnó Mhaigh Eo ceanneagraíocht an phlean seo agus a bhí i gceannas ar an bplean teanga a chur i dtoll a chéile agus an próiseas pleanála teanga a bhunú sa Bhaile.
Cuirfidh an plean teanga seo le húsáid agus le feiceálacht na Gaeilge sa bhaile agus fostaíodh Máire Ní Fhearraigh, Oifigeach Pleanála Teanga, chun an plean a chur i bhfeidhm faoi chúram na heagraíochta.
LÉIGH FREISIN: PICTIÚIRÍ: An raibh Bono uait mar chomharsa riamh? Tá an teach seo in aice lena dhriogllann ar fáil le ceannach
Agus an plean á sheoladh aige dúirt an tAire Calleary: “Ba mhaith liom tréaslú le Gnó Mhaigh Eo - Ceanneagraíocht an Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile do Chaisleáin an Bharraigh.
“Ach an oiread leis na pleananna ar fad atá á gcur i bhfeidhm cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Chaisleán an Bharraigh do mhuintir an bhaile seo a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán, sábháilte chuig na glúine atá le teacht.
“Mar Aire na Gaeltachta, bhain mé an-taitneamh as bualadh leo siúd atá páirteach sa phlean teanga agus atá ag obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
“Táim ag súil le mo chuairteanna leanúnacha ar na ceantair Ghaeltachta agus ar bhailte agus ar chathracha eile a bheidh ag seoladh a bpleananna teanga amach anseo, agus ba mhaith liom mo lua a ghealladh do na grúpaí agus na eagraíochtaí atá ag obair san earnáil seo.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.