Breis feasachta le cruthú i measc na n-óg ar dheiseanna fostaíochta Gaeilge le ceadú €1.5m fógartha ag an Aire Calleary
D’fhógair Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, ceadú deontais mhéadaithe de €1.5m thar thréimhse trí bliana (2025-2027) do Chonradh na Gaeilge chun leanúint de a bheith ag riar a thionscadail ‘Gluaiseacht’.
Faoin tionscadal seo, spreagtar daoine óga chun a gcuid Gaeilge a úsáid ar bhealach coinsiasach, agus cuirtear na bealaí uile ar féidir leo an teanga a úsáid ar a súile.
Cuirtear béim sa mhéid seo ar na buntáistí éagsúla a bhaineann léi, go háirithe ó thaobh buntáistí eacnamaíocha agus na deiseanna fostaíochta. Déantar é seo go príomha tríd an seó bóthair - ceardlann idirghníomhach do dhaoine óga atá ag freastal ar iar-bhunscoileanna, ar institiúidí tríú leibhéal agus/nó ar choláistí samhraidh.
Chomh maith leis sin, freastalaíonn foireann Ghluaiseacht ar aontaí gairmeacha agus ar imeachtaí chun daltaí agus mic léinn, mar aon leo siúd a bhfuil suim acu in athrú gairme, a chur ar an eolas faoi na deiseanna éagsúla, dinimiciúla agus ionchuimsitheacha atá ar fáil sa tseirbhís phoiblí dóibh siúd le hinniúlacht sa Ghaeilge.
LÉIGH AR AGHAIDH: PICTIÚIRÍ: Taobh istigh den teach mór i gCill Chainnigh a díoladh le déanaí ar €1,250,000
Le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) in 2021, foilsiú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 i mí Dheireadh Fómhair 2024, mar aon leis an athrú chlaochlaithe i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, beidh feasacht a ardú ar na deiseanna gairme atá ann dóibh siúd le Gaeilge lárnach do na hiarrachtaí seo. Ar ndóigh is é ceann de phríomhspriocanna na reachtaíochta teanga ná go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030.
Chun an cuspóir seo a bhaint amach, cuid den mhór-obair a bheidh ar bun is ea daoine óga a choinneáil ag úsáid a gcuid scileanna teanga, is cuma cén conair gairme a roghnaíonn siad. Tá an tionscadal Gluaiseacht - trína fheidhmeanna agus naisc leathana - riachtanach mar sin chun aird a tharraingt ar na conairí agus na deiseanna gairme éagsúla atá ann san earnáil phoiblí dóibh siúd le Gaeilge. Is chuige sin atá an maoiniú is mó seo go dáta ceadaithe - suas 177% ó dheontas 2023-2024.
Agus an maoiniú suntasach seo á fhógairt aige, dúirt an tAire Dara Calleary: “Is mór agam go bhfuil ar chumas mo Roinne leanúint de bheith ag tacú leis an tionscadal uaillmhianach cothaithe feasachta seo atá á riar ag Conradh na Gaeilge, ag cur béime ar na deiseanna gairme éagsúla atá ar fáil le Gaeilge agus faoina spreagtar daoine óga a gcuid scileanna teanga a choinneáil, a chothú agus a fhorbairt le linn a mblianta oideachais, agus go deimhin, nuair a bhogann siad ar aghaidh chuig fostaíocht.
“Tagann Gluaiseacht go láidir le bunaidhm de chuid na hAchta Teanga agus an Phlean Náisiúnta a d’fhoilsigh mo Roinn anuraidh – is é sin go dtiocfaidh borradh mór faoi líon na ndaoine a bhfuil ar a gcumas acu seirbhísí poiblí a sholáthar go dátheangach agus a bhaineann úsáid ghníomhach as an nGaeilge ina gcuid gnóthaí oibre ó lá go lá.
“Is minic ráite agam go mbraitheann an bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach go mór ar chuspóir earcaíochta 20% an Achta, chomh maith leis na straitéisí éagsúla atá á gcur i bhfeidhm ag mo Roinn chun éiceachóras a chruthú ina bhfuil an Ghaeilge i gcroílár sholáthar na seirbhíse poiblí.
“Chun an líon foirne atá ar fáil chun na seirbhísí sin a sholáthar a threisiú, ní mór dúinn díriú ar dhaoine óga sa chóras oideachais agus a rá leo go bhfuil na deiseanna seo ann. Déanann an tionscadal seo é sin go díreach agus táim sásta maoiniú breise a chur ar fáil chun leanúint ar aghaidh leis sin don todhchaí.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.