Conradh na Gaeilge agus TikTok ag ceiliúradh Lá na Teicneolaíochta
Tháinig Conradh na Gaeilge agus TikTok le chéile chun Lá na Teicneolaíochta a cheiliúradh mar chuid d’fhéile Sheachtain na Gaeilge le Energia 2025.
Déanann an t-imeacht bliantúil ceiliúradh ar ról na teicneolaíochta i gcur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge san aois dhigiteach, ag tabhairt deiseanna nua do chainteoirí Gaeilge agus d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain idirghníomhú leis an teanga.
Chun Lá na Teicneolaíochta 2025 a cheiliúradh, bhailigh mic léinn agus múinteoirí ó fud na hÉireann le chéile ag ceanncheathrú TikTok i mBaile Átha Cliath le haghaidh painéal cainte agus ceardlanna. D’eagraigh Conradh na Gaeilge [@cnagaeilge], i gcomhpháirtíocht le TikTok agus Gael Linn [@gael_linn], an t-imeacht seo le deis a thabhairt do mhic léinn taithí a fháil ar an nGaeilge mar theanga bheo lasmuigh den seomra ranga agus iniúchadh a dhéanamh ar a láithreacht mhéadaitheach ar na meáin shóisialta.
Buaicphointe na hócáide do mhic léinn ná painéal cainte a bhí á óstáil ag láithreoir TG4 Niamh Ní Chróinín [@niamhnichroinín] le cruthaitheoirí TikTok mór le rá: Séaghan Ó Súilleabháin aka The Kerry Cowboy [@kerrycowboy], an t-amhránaí Máire Ní Churraoin [@maire_na_greine], an scríbhneoir Eoin P Ó Murchú [@murchadhmor] agus an t-aisteoir Daithí Mac Suibhne [@dotknee]. Labhair an painéal faoina n-eispéiris ag úsáid na Gaeilge ar líne, ag cur béime ar an ról ríthábhachtach atá ag an teicneolaíocht i gcur chun cinn agus caomhnú na teanga, agus conas a thapaigh siad na deiseanna iomadúla a chruthaíonn ardáin dhigiteacha ar nós TikTok do chainteoirí Gaeilge.
Léigh seo chugainn: Stopann Gardaí tiománaí ag dul thar 100kmh i limistéar 50kmh in aice le scoil
Dúirt Séaghan Ó Súilleabháin, an Kerry Cowboy: “Is ardán uathúil é TikTok chun dul i bhfeidhm ar dhaoine ar fud an domhain. Tá an Ghaeilge beo bríomhar ar an aip, agus inniu is deis iontach é seo a cheiliúradh agus a phlé le daoine óga.”
Chun beocht na Gaeilge a léiriú i gcomhthéacsanna na meán nua-aimseartha, ghlac breis agus 80 dalta agus a múinteoirí páirt i gceardlanna idirghníomhacha inar d’fhorbair siad ábhar digiteach, inar fhoghlaim siad conas ábhair mhealltacha ar na meáin shóisialta a chruthú, agus bhaineadar triail as bealaí nuálacha chun an Ghaeilge a úsáid ar TikTok. Mar chuid den imeacht, chuir Conradh na Gaeilge agus TikTok bileog téarmaí teicneolaíochta i nGaeilge ar fáil do na mic léinn, a chuir an stór focal riachtanach ar fáil dóibh le haghaidh cruthú digiteach agus rannpháirtíocht ar na meán sóisialta. Nascann an acmhainn phraiticiúil seo an teanga thraidisiúnta leis an nuatheicneolaíocht, rud a chuireann ar chumas daoine óga iad féin a chur in iúl go muiníneach i nGaeilge ar ardáin dhigiteacha.
Ag labhairt di ag an ócáid dúirt Elaine Fox, Ceann na hÉireann TikTok:
“Táimid thar a bheith sásta fáilte a chur roimh mhic léinn ó áiteanna ar fud na hÉireann chun Lá na Teicneolaíochta 2025 á cheiliúradh. Is é seo an dara bhliain go bhfuilimid páirteach i gceiliúradh na hócáide anseo in oifig TikTok i mBaile Átha Cliath. Táimid bródúil as a bheith ag obair le Conradh na Gaeilge chun an rath atá ar ábhair Ghaeilge ar TikTok a cheiliúradh. Tá súil againn go spreagfaidh na cruthaitheoirí óga seo tuilleadh ábhair trí Ghaeilge ar an ardán.”
Ag labhairt faoin ócáid, dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia:
“Is bealach iontach é Lá na Teicneolaíochta chun an méid Gaeilge atá le feiceáil ar líne a cheiliúradh agus chun feasacht a ardú ar sin. As beagnach 7,000 teanga ar fud an domhain, tá an Ghaeilge i measc na 100 teanga is mó a úsáidtear ar líne agus tá líon suntasach suíomhanna gréasáin ar fáil as Gaeilge.
Is é Conradh na Gaeilge a eagraíonn Seachtain na Gaeilge le Energia, agus is é Energia príomhurraitheoir na féile. Tá an fhéile maoinithe ag Foras na Gaeilge agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Tá tuilleadh eolais faoin bhféile agus imeachtaí ar fáil ag snag.ie.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.