Search

05 Sep 2025

Leiríonn Conradh na Gaeilge Imní faoi Ghealltanais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Chlár Rialtais Nua

Ag rith go dtí níos mó ná 160 leathanach, d’aontaigh Fianna Fáil, Fine Gael agus roinnt Teachtaí Dála neamhspleácha an doiciméad.

Leiríonn Conradh na Gaeilge Imní faoi Ghealltanais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Chlár Rialtais Nua

Deir Conradh na Gaeilge gur ábhar imní é nach bhfuil na gealltanais Ghaeilge agus Gaeltachta, atá á lorg ag baill den phobal, curtha san áireamh sa Chlár don Rialtas, aontaíodh níos luaithe an tseachtain seo.

Agus í ag trácht ar an gcáipéis, atá níos mó ná 160 leathanach, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Cé nach iad na coimitmintí láidre a éilíodh, aithníonn muid go bhféadfadh fiúntas agus tairbhe a bheith bainteach le cuid acu, ag brath ar chur i bhfeidhm, ar nós: an sprioc le hoibriú i dtreo na curaclaim Ghaeilge ón mbunscoil go dtí an tríú leibhéal a ailíniú leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach; agus an choimitmint chun pleananna forbartha speisialta a thabhairt isteach sa Ghaeltacht le spriocanna sonracha tithíochta.

"Beidh an cur i bhfeidhm agus an cur chuige leis na spriocanna seo a bhaint amach ríthabhachtach le cinntiú go mbeidh rath orthu.” 

LÉIGH FREISIN: An bhfuil a fhios agat an bhfuil catfished ort? Conas na comharthaí a fheiceáil

Deir Conradh na Gaeilge gur ábhar imní é nach bhfuil na gealltanais Ghaeilge agus Gaeltachta, atá á lorg ag baill den phobal, curtha san áireamh sa Chlár don Rialtas, a aontaíodh níos luaithe an tseachtain seo.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá spriocanna áirithe eile sa Chlár Rialtais nua ag dul siar ar an méid a bhí san áireamh sa Chlár Rialtais i 2020. Mar shampla, i 2020 bhí sé mar sprioc Rialtais an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht a dhúblú - anois níl ach tagairt ann sa Chlár Rialtais nua go bhfreastólfar ar éileamh thuismitheoirí don Ghaelscolaíocht.

"Tá an choimitimint sin, le freastal ar éileamh thuismitheoirí, ann ó a glacadh le Ráiteas an Rialtais i 2006 agus níl aon Rialtas tar éis an sprioc sin a fhíorú ó shin. Tá ár gcomrádaithe sa Bhreatain Bheag ag obair i dtreo an líon daltaí ag freastal ar oideachas trí mheán na Breatnaise a mhéadú ó 23% go 40% faoi 2050.

"Faraor, táimidne in Éirinn tar éis chéim ar chúl a ghlacadh leis an sprioc seo sa Chlár Rialtais nua agus ba chóir don Rialtas é sin a aithint, a leasú, agus a bheith uaillmhianach ar nós na Breataine Bige.

 "Táimid ag éileamh ar an Taoiseach agus ar an Tánaiste Aire Sinsearach a cheapadh a bheidh freagrach go díreach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus ní Aire Stáit le freagracht na Gaeilge orthu. Tá géarghá le hAire Sinsearach anois, níos mó ná riamh, le spriocanna an Chlár Rialtais nua i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i bhfeidhm, le hacmhainní cothroma a chur ar fáil, agus le héilimh eile an phobail, a fágadh ar lár ón gClár Rialtais nua, a chur san áireamh in obair an Rialtais sa chéad chúig bliain eile.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.