Search

06 Sep 2025

TG4 ag ceiliúradh feidhmíocht den scoth i Márta 2024

Den chéad uair ó Aibreán 2008, sáraíodh 3% le sciar míosúil de lucht féachana TG4

TG4 ag ceiliúradh feidhmíocht den scoth i Márta 2024

Glór Tíre

Tá ríméad ar TG4 a fhógairt gur éirigh go hiontach leo i Márta 2024 agus sprioc shuntasach bainte amach acu don chainéal Gaeilge.

Den chéad uair ó Aibreán 2008, sáraíodh 3% le sciar míosúil de lucht féachana TG4, rud a léiríonn borradh mór ar an tóir atá ar an gcainéal i measc an lucht féachana in Éirinn. 

Bhí mí an Mhárta lán le cláracha iontacha agus bhí an-aird ar an gclúdach fairsing a rinneadh ar Shraithchomórtais Allianz. Chraol TG4 20 cluiche san iomlán, an pheil agus an iomáint san áireamh, le linn na míosa. 

Tháinig sé chun solais go raibh Cluiche Ceannais Shraith Peile Allianz Roinn 1 idir Áth Cliath agus Doire ina imeacht a sheas amach, cluiche a d’fhéach 230,900 lucht féachana ar an meán air ar ‘GAA Beo’.

Chomh maith le clúdach spóirt, bhí an tsraith ‘Contractors’ ar ais leis an dara séasúr a raibh an-súil léi. Cuireadh an lucht féachana faoi dhraíocht nuair a taispeánadh an tsraith den chéad uair, tráth a raibh líon éachtach 95,100 duine ar an meán ag breathnú uirthi. Is féidir leis an lucht leanúna breith suas ar na cláracha ar fad a craoladh go dtí seo ar Sheinnteoir TG4.

Chun tuilleadh a chur le sceideal an Mhárta, thug TG4 ‘Glór Tíre’ ar ais, an t-aon sraith Comórtais don Cheol Tíre atá in Éirinn, agus taispeánadh ‘Tarrac’ den chéad uair ar an teilifís, léiriú tarraingteach de chuid CINE4 atá anois ar fáil le sruthú ar Sheinnteoir TG4.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.